Dea-scéal do Ghaelscoil Chnoc Ré! Tá tástáil déanta ag an Roinn Oideachais ar na huimhreacha agus ar na déimeagrafaigh agus tá cead tugtha ag an Roinn don scoil an dara sruth a thógáil isteach i mí Mheán Fómhair.
Osclaíodh Gaelscoil Chnoc na Ré sa bhliain 1996 chun freastal ar an éileamh ar oideachais lán-Ghaeilge i Sligeach. Thosaigh an scoil amach le 22 páiste, freastalaíonn 192 páiste ar an scoil anois.
Dúirt príomhoide na scoile, Mícheál Ó Broin: “Tá áthas an domhain orainn leis an toradh ar athbhreithniú na Roinne. Toradh iontach atá ann do phobal na scoile agus do thuismitheoirí a bhfuil Gaeloideachas roghnaithe acu dá bpáistí.”