Preas

An Foras Pátrúnachta / Archive by category "Preas"

Foirgneamh Úrnua do Ghaelscoil Chluain Meala

Osclaíodh foirgneamh nua Gaelscoil Chluain Meala inné ag Paidí Ó Lionáird ó TG4. Is scoil de chuid An Fhorais Phátrúnachta í atá lonnaithe sa Bhaile Gaelach i gCluain Meala.  Tá an fhoirgneamh nua feistithe le réimse leathan áiseanna den chéad scoth.

Ag labhairt linn inné, dúirt Karen Mhic Gearailt, príomhoide na scoile “Tá lúcháir orainn go bhfuil doirse ár bhfoirgneamh scoile úrnua oscailte faoi dheireadh againn. Seo mar thoradh ar 27 bliana d’obair mhór na dtuismitheoirí, na foirne, an Bhoird Bainistíochta agus ár bpátrún, An Foras Pátrúnachta. Is ábhar misnigh é go bhfuil an Ghaeilge ag fás léi sa cheantar seo, agus go bhfuil an oiread sin daltaí ag foghlaim trí Ghaeilge le chéile. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh go leor teaghlach nua inár scoil nua.”

Bhí an ghaelscoil lonnaithe i gcóiríocht shealadach ó 1994. Taistealaíonn  daltaí ó chúig pharóiste dhéag chun oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge i nGaelscoil Chluain Meala.. Ag labhairt ann inniu, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Fhorais Phátrúnachta: “Tá an t-éileamh ar an ngaelscolaíocht ag fás i gcónaí. Freastalóidh an foirgneamh nua seo ar an bhfás ar an ngaelscolaíocht go háitiúil. Tuigeann tuismitheoirí níos mó ná riamh na buntáistí breise a chuireann an tumoideachas ar fáil – éiríonn níos fearr le daltaí go hacadúil, bíonn sé níos fusa an tríú teanga a fhoghlaim agus baineann siad leas as deiseanna fostaíochta níos fearr. Tá ríméad orainn tús a chur leis an gcaibidil nua seo i nGaelscoil Chluain Meala. Tá scoileanna faoin bhForas ag cur oideachais ar 17,000 dalta agus tá ár scoileanna oscailte do chách. Tá sé mar aidhm againn oideachas den scoth trí Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste in Éirinn atá á iarraidh.”

CRÍOCH

Teagmháil: Karen Mhic Gearailt, Príomhoide Teil: 0526127271 • Beidh agallaimh ar fáil le príomhoide na scoile Karen Mhic Gearailt, Caoimhín Ó hEaghra ar son na heagraíochta, An Foras Pátrúnachta, agus le tuismitheoirí agus daltaí ach iad a iarraidh. • Beidh an Grianghrafadóir John D Kelly ag eisiúint grianghraif chuig na meáin


11.03.22 PREASRÁITEAS:

Tá rogha ar an rud is tábhachtaí san Athchumrú

Tá baol ann go dteipfeadh ar an bpróiseas má bhíonn teorainn le rogha na dtuismitheoirí maidir le roghanna pátrúnachta

Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, roimh fhógra an Aire Foley maidir leis an bPróiseas Athchumraithe Scoileanna don Éagsúlacht. Tugann an comhaontú seo le Comhairle Chomhdháil Easpag na hÉireann um Oideachas an deis do scoileanna pátrúnacht a aistriú agus éiteas a athrú go múnla ilchreidmheach. Is céim dhearfach é an comhaontú i dtreo soláthar méadaithe scoileanna ilchreidmheacha agus roghanna breise do thuismitheoirí agus do phobail scoile.

Tugann an próiseas deis freisin do ghaelscoileanna reatha aistriú go dtí an t-aon phátrún lán-Ghaeilge, An Foras Pátrúnachta. Agus oideachas ilchreidmheach curtha ar fáil ag an bhForas ó osclaíodh ár gcéad scoil i 1993, bhí an eagraíocht gníomhach sa phróiseas athchumraithe le roinnt blianta anuas. Tríd an bpróiseas seo, tá nósanna imeachta forbartha againn do scoileanna agus mar thoradh orthu tá an scoil is mó (320 dalta) atá tar éis dífheistiú go dtí seo anois faoin bhForas.

Ag tógáil ar an rath seo, táimid ag dul i gcomhairle faoi láthair lenár scoileanna sainchreidmheacha féin agus déanfaidh pobal na scoile cinneadh ar cé acu ar mhaith nó nár mhaith leo athchumrú a dhéanamh go múnla ilchreidmheach. Cuireann an próiseas seo, arna éascú ag ár nOifigeach um Athchumrú Scoileanna, ar chumas pobail scoile machnamh a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun freastal ar a gcuid riachtanas. Creidimid go bhfuil rogha, comhairliúchán agus faisnéis chuimsitheach ríthábhachtach le go n-éireoidh le haon aistriú.

Tá sé de dhualgas go mbeidh trédhearcacht agus eolas ar gach rogha pátrúnachta ann sna próisis atá le teacht. Le 15 bliana anuas, nuair a tugadh an rogha dóibh, roghnaigh gach uile pobal a roghnaigh gaelscoil dá mbunscoil nua, An Foras Pátrúnachta mar phátrún acu. Níor cheart neamhaird a dhéanamh ar éascú rogha na dtuismitheoirí sa phróiseas seo. Má bhíonn teorainn eolais do phobail scoile maidir le roghanna pátrúnachta, tá gach seans ann go mbeidh teip i ndán don phróiseas.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta: “Is deis iontach é seo do phobail ionchuimsitheach a chur chun cinn agus freastal a dhéanamh ar riachtanais éagsúla na leanaí agus a dtuismitheoirí. Cuireann sé deis ar fáil go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ilchreidmheach á chur ar fáil ag pátrún lán-Ghaeilge. Go simplí, pátrún lán-Ghaeilge do scoileanna lán-Ghaeilge.”

CRÍOCH

 

Teagmháil:

  • Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí
    • 086-1738044
    • caoimhin@foras.ie
  • Sorcha Ní Mhistéil, Oifigeach Athchumraithe Scoileanna
    • 086-8596292
    • sorcha@foras.ie

Nótaí don Eagathóir:

  • Tá agallaimh ar fáil ar iarratas.

An Foras Pátrúnachta: Is pátrún náisiúnta ar Bhunscoileanna agus ar Mheánscoileanna araon é An Foras Pátrúnachta, agus an aidhm aige oideachas lán-Ghaeilge a fhorbairt, é a neartú agus é a chur chun cinn ar fud na tíre. Tá 79 scoil faoina phátrúnacht agus 17,000 dalta ag freastal ar na scoileanna sin. Tá éiteas ilchreidmheach ag 24 de na scoileanna sin agus tá éiteas ilchreidmheach ag gach ceann den 16 ghaelscoil atá bunaithe ag an bhForas ó bhí 2013 ann.

ÍOSLÓDÁIL PREASRÁITEAS

Postáilte faoi Ciorcaláin, Nuacht, Preas


PREASRÁITEAS: Bronnadh stádas DEIS ar 12 gaelscoil

D’fháiltigh An Foras Pátrúnachta (AFP), an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge sa tír, inniu (10.03.22) roimh an bhfógra maidir le leathnú an chláir DEIS. Dheimhnigh an tAire Foley na scoileanna nua-aitheanta inné tar éis athbhreithniú a rinne an Roinn Oideachais.

Tá 9 ngaelscoil faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta san áireamh ar an liosta fógartha. Tá na gaelscoileanna lonnaithe in 8 gcontae éagsúla chomh maith le gaelscoil amháin atá ag bogadh ó Bhanda 2 DEIS go Banda 1 DEIS. Faoin múnla aitheantais nua, úsáidtear faisnéis níos oibiachtúla chun pobal scoile a mheas, rud a d’eascair as an méadú ar an soláthar.

Ag labhairt dó ar an bhfógra, dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra: “Tá lúcháir orainn gur bronnadh stádas DEIS ar 9 scoil bhreise faoinár bpátrúnacht. Tá sé seo sa bhreis ar 3 ghaelscoil faoi phátrúnacht na n-Easpag agus líon mór scoileanna Gaeltachta. Tá comhionannas deiseanna ag croílár éiteas ár scoileanna agus is céim an-dearfach é an leathnú seo chun leanúnachas an tsoláthair a chinntiú do dhaltaí atá faoi mhíbhuntáiste suntasach. Cé go bhfáiltíonn muid roimh an soláthar méadaithe de thacaíochtaí spriocdhírithe do na scoileanna seo, tá dualgas ar chomhpháirtithe oideachais oibriú le chéile chun a chinntiú go mbeidh acmhainní dóthanacha i bhfeidhm in am le tosú láithreach i mí Mheán Fómhair.”

“Tá imní léirithe ag roinnt scoileanna dúinn faoin easpa cumarsáide maidir leis an tsamhail aitheantais. Sna seachtainí atá romhainn, tacóimid le scoileanna ar mian leo dul i ngleic leis an bpróiseas athbhreithnithe maidir lena gcuimsiú sa chlár DEIS.”

Ag fáiltiú roimh a scoil a bheith ar an liosta fógartha, dúirt Príomhoide Ghaelscoil Átha Í, Sorcha Ní Mhistéil: “Tá lúcháir orainn a bheith curtha san áireamh san fhógra seo as a dtiocfaidh acmhainní suntasacha breise dár bpobal scoile. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas tacú lenár ndaltaí agus lena dteaghlach agus muid ag obair le chéile chun cabhrú le gach leanbh barr a c(h)umais a bhaint amach.”

Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún faoi láthair ar 79 scoil i 23 contae ar fud na hÉireann agus tá stádas DEIS ag 14 de na scoileanna sin anois.

Críoch

Teagmháil:

  • Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí
    • 086-1738044
    • caoimhin@foras.ie
  • Cormac Mc Cashin, Bainisteoir Scoileanna
    • 086-0311162
    • cormac@foras.ie

Nótaí don Eagathóir:

  • Tá agallaimh ar fáil ar iarratas.

An Foras Pátrúnachta: Is pátrún náisiúnta ar Bhunscoileanna agus ar Mheánscoileanna araon é An Foras Pátrúnachta, agus an aidhm aige oideachas lán-Ghaeilge a fhorbairt, é a neartú agus é a chur chun cinn ar fud na tíre. Tá 79 scoil faoina phátrúnacht agus 17,000 dalta ag freastal ar na scoileanna sin.

ÍOSLÓDÁIL PREASRÁITEAS ANSEO

Postáilte faoi Ciorcaláin, Nuacht, Preas


Cruinniú Zoom, 18/10/21 6in, Gaelcholáiste Ghlór na Mara, Dún Dealgan

Beidh cruinniú faoin bpróisis iontrála 2022/23 atá ar bun faoi láthair do shaitilít CGNM i nDÚN Dealgan ar siúl ar Zoom ar an Luan seo chugainn. Sprioclá d’arratais, an 22ú Deireadh Fómhair 2021.

  • Tá an chruinniú oscailte do thuistí agus don phobal.
  • Cruinniú dátheangach a bheidh ann (fáiltiú srl. as Gaeilge, eolas i mBéarla).
  • Mairfidh an chruinniú idir 30nóim agus uair an chloig.
  • Fáilte roimh cheisteanna

Topic: CGNM Dún Dealgan

Time: Oct 18, 2021 06:00 PM Dublin
Join Zoom Meeting
https://zoom.us/j/94658992529?pwd=eUFPRjIyZDNhYmJwMlUwbmprQ3FQZz09
Meeting ID: 946 5899 2529

Passcode: 604142


30/03/15 Gailearaí – Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta

Bronnadh le buíochas an Fhorais Phatrúnachta a léiriú ar an gCoimisinéir Teanga

Bronnadh le buíochas an Fhorais Phatrúnachta a léiriú ar an gCoimisinéir Teanga

Caoimhín Ó hEaghra agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Caoimhín Ó hEaghra agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Orla Bradshaw, Síomha Ní Ruairc agus Sinéad Ní Mhuirí

Orla Bradshaw, Síomha Ní Ruairc agus Sinéad Ní Mhuirí

Foireann an Fhorais Phátrúnachta agus an Coimisinéir Teanga Rónan Ó Domhnaill

Foireann an Fhorais Phátrúnachta agus an Coimisinéir Teanga Rónan Ó Domhnaill

Stiúrthóirí an Fhorais leis an gCoimisinéir Teanga

Stiúrthóirí an Fhorais leis an gCoimisinéir Teanga

Ard Rúnaí An Fhorais Phátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra

Ard Rúnaí An Fhorais Phátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Brian Matthews

Brian Matthews

Brian Matthews ó Millet & Matthews

Brian Matthews ó Millet & Matthews

Síle Ní Shéaghdha lena seastán do Lámh Chúnta,

Síle Ní Shéaghdha lena seastán do Lámh Chúnta,

Ronan Farrell agus an bhfoireann ón tAonad um Sholáthar do Scoileanna

Ronan Farrell agus an bhfoireann ón tAonad um Sholáthar do Scoileanna

Brian Matthews

Brian Matthews

p380112190-4
Elaine Haugh ó School Accounting lena seastán

Elaine Haugh ó School Accounting lena seastán

p353057404-4
Cáit de Búrca lena seastán do Chumann na bhFiann

Cáit de Búrca lena seastán do Chumann na bhFiann

p151538887-4
Finola Nic an Iomaire faoi dhraíocht ag clár na comhdhála!

Finola Nic an Iomaire faoi dhraíocht ag clár na comhdhála!

Lucht freastail an comhdháil ag baint sult as an lá!

Lucht freastail an comhdháil ag baint sult as an lá!

Ceoltóirí ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Ceoltóirí ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Ceoltóirí ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Ceoltóirí ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Taispeántas Ealaíne

Taispeántas Ealaíne

Taispeántas an Chomórtais Ealaíne

Taispeántas an Chomórtais Ealaíne

Taispeántas an Comórtas Ealaíne

Taispeántas an Comórtas Ealaíne

Taispeántas an Comórtas Ealaíne

Taispeántas an Comórtas Ealaíne

Deirbhile Nic Craith, Cumann Múinteoirí Éireann, Seán Ó Coinn, Foras na Gaeilge, Caoimhín Ó hEaghra agus Emer Ryan, Eaglais na hÉireann

Deirbhile Nic Craith, Cumann Múinteoirí Éireann, Seán Ó Coinn, Foras na Gaeilge, Caoimhín Ó hEaghra agus Emer Ryan, Eaglais na hÉireann

Séamas Ó Ceanainn, Príomhoide Ghaelcholáiste Chill Dara, agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Séamas Ó Ceanainn, Príomhoide Ghaelcholáiste Chill Dara, agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Anita Nic Amhlaoidh, Seán de Paor, Karla Ní Mhuadaigh agus Finola Nic an Iomaire

Anita Nic Amhlaoidh, Seán de Paor, Karla Ní Mhuadaigh agus Finola Nic an Iomaire

Caoimhín Ó hEaghra agus Ronan Farrell, ón tAonad um Sholáthar do Scoileanna

Caoimhín Ó hEaghra agus Ronan Farrell, ón tAonad um Sholáthar do Scoileanna

p320751978-4
Tim Ó Tuachaigh,  Mary Uí Raghallaigh agus Síle Ní Rabhartaigh

Tim Ó Tuachaigh, Mary Uí Raghallaigh agus Síle Ní Rabhartaigh

Cathal Ó Phleimann agus Clare Nic Giolla Bhriain ó Ghaelscoil Liatroma

Cathal Ó Phleimann agus Clare Nic Giolla Bhriain ó Ghaelscoil Liatroma

Liam Mac Aoidh, Paul Rowe, PF Educate Together, agus Caoimhín Ó hEaghra

Liam Mac Aoidh, Paul Rowe, PF Educate Together, agus Caoimhín Ó hEaghra

Síomha Ní Mhuirí agus Siún Ní Shé, Gael Linn

Síomha Ní Mhuirí agus Siún Ní Shé, Gael Linn

Dónal Ó Conaill agus Anita Nic Amhlaoidh

Dónal Ó Conaill agus Anita Nic Amhlaoidh

Seána Ní Chuain, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin agus Póla Ní Chinnsealaigh

Seána Ní Chuain, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin agus Póla Ní Chinnsealaigh

Anita Nic Amhlaoidh

Anita Nic Amhlaoidh

Pól Mag Lionáin i mbun cainte

Pól Mag Lionáin i mbun cainte

Pól Mag Lionáin ag caint faoi scoileanna ilchreidmheacha

Pól Mag Lionáin ag caint faoi scoileanna ilchreidmheacha

Bronnadh duaiseanna an Chomórtais Ealaíne. Caoimhín Ó hEaghra á bhronnadh ar phríomhoide Gaelscoil Thaobh na Coille.

Bronnadh duaiseanna an Chomórtais Ealaíne. Caoimhín Ó hEaghra á bhronnadh ar phríomhoide Gaelscoil Thaobh na Coille.

Bronnadh duas rannóg 1 - 3 ar ionadaí Gaelscoil Iarfhlatha

Bronnadh duas rannóg 1 – 3 ar ionadaí Gaelscoil Iarfhlatha

Duais na Rannóige Mheánscoile á bhronnadh ar ionadaí Meánscoil Gharman

Duais na Rannóige Mheánscoile á bhronnadh ar ionadaí Meánscoil Gharman

Anita Nic Amhlaoidh, Príomhoide Ghaelscoil Nás na Ríogh, ag bailiú duais ar son Oisín Ó Duignéain

Anita Nic Amhlaoidh, Príomhoide Ghaelscoil Nás na Ríogh, ag bailiú duais ar son Oisín Ó Duignéain

p39325149-4

Postáilte faoi Preas


25/03/15 Monopoly ar fáil as Gaeilge

Tá Monopoly, an cluiche boird atá aitheanta ar fud an domhain, ar fáil anois as Gaeilge. Is é Glór na nGael a d'fhorbair an leagan Gaeilge den chluiche, faoi cheadúnas Hasbro agus is i monarchan Hasbro i bPort Láirge a rinneadh an táirge. Tá an cluiche Monopoly ar fáil tríd www.udar.ie agus ceiliúrfar teacht na cluiche ag roinnt imeachtaí seolta sna seachtainí romhainn

Tá an seans ag imreoirí anois suíomhanna cosúil le hÁras an Uachtarán, Teach Laighean nó Corrán Tuathail a cheannach agus a fhorbairt. Má éiríonn leat, d'fhéadfá fiú óstán a thógáil orthu! Is iad na maoine is costasaí ar an mbord ná Teach an Phiarsaigh agus Ard-Oifig an Phoist. 

"An neart is mó atá ag an gcluiche ná cé comh éasca is a bhfuil sé le himirt. Is uirlis iontach é le cabhair a thabhairt do dhaoine an teanga a labhairt – nó a scread – i suíomh shóisialta," a dúirt Eoghan Mac Cormaic ó Ghlór na nGAel. 

Táimid ag súil go mór leis an gcluiche seo a imirt!

monoply

Postáilte faoi Preas


06/03/15 Spongebob Squarebhristí – scannán ag teacht as Gaeilge!

D’fhógair Paramount Pictures i mí Feabhra go mbeidh The Spongebob Movie: Sponge out of Water ar fáil as Gaeilge i bpictiúrlann áirithe, chomh maith leis an mBéarla nuair a eisíonn an scannán ó 27 Márta. Bunaithe ar sraith teilifíse Spongebob Squarepants ó Nickelodeon, feicfimid sa scannán an laoch spúinseach ag teacht i dtír dá eachtra is déanaí.

 

An comhlacht Macalla Teoranta a bhfuil á athghuthú as Gaeilge, an dream céanna is a dhéanann don sraith teilifíse ar TG4 é. Tá an-taithí acu mar sin ar na carachtéirí éagsúla; Spongebob é féin, Sally an t-iora rua, agus Pádraig an chrosóg mhara!

 

Beidh an phictiúrlann i nDún Droma ag glacadh páirt sa léiriú seo. Beidh léiriú amháin den leagan Gaeilge a chur ar siúl acu don pobal. Níl an dáta roghnaithe go fóill, ach beidh sé ar siúl I lár an tseachtain a eisíonn an scannán, 27 Márta. Taispeánann an léiriú seo an t-éileamh a bhfuil ar seirbhísí dhátheangach sa cheantar agus na h-imeachtaí a chomhair a bheith ar fáil do dhaoine trí mheán na Gaeilge.

 

Déanaigí deifir agus chuir bhur dticéad do Spongebob an Scannán: Spúinse as Uisce in áireamh chomh luath agus is féidir libh! Beidh na ticéidí ar dhíol don pobal ón Máirt 10 Marta.

 

 

spongebob

 

Postáilte faoi Nuacht, Preas


04/03/15 Rath mór ar Chomhdháil an Fhorais Phátrúnachta 2015

Bhí rath mór ar Chomhdháil an Fhorais Phátrúnachta 2015 a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar an Satharn. 

Postáilte faoi Imeachtaí, Nuacht, Preas


22/01/2015 Tuairisc.ie

Leanaí dátheangacha níos tuisceanaí faoi éagsúlacht daoine eile

Léirítear go bhféadfadh oiliúint luath sa dara teanga cur leis an nglacadh a bhíonn ag gasúir leis an éagsúlacht dhaonna, shóisialta agus fhisiciúil

Léiríonn staidéar nua gur fearr an tuiscint ag gasúir dhátheangacha ar thréithe an duine daonna ná gasúir aonteangacha.

Bíonn an tuiscint ar an saol ag gasúir dhátheangacha éagsúil ón tuiscint ar an saol a bhíonn ag gasúir aonteangacha, de réir staidéir nua ó Ollscoil Concordia i Québec Cheanada.

De réir an staidéir, is minic a chreideann gasúir óga go mbíonn tréithe áirithe ag ainmhithe agus ag daoine ó dhúchas. Is é sin le rá go gceapann gasúír gur sa mbroinn a shealbhaítear teanga agus nósanna iompair.

Léirítear sa staidéar nua ó Ollscoil Concordia, áfach, gur fearr an tuiscint atá ag gasúir dhátheangacha gur ón bhfoghlaim seachas ón dúchas a eascraíonn tréithe aigneolaíocha an duine.

Ba iad an tOllamh le haigneolaíocht Krista Byers-Heinlein agus a hiníon léinn Bianca Garcia a rinne an taighde. Mar chuid dá saothar, cuireadh scrúdú ar 28 gasúr, idir aonteangaigh, dhátheangaigh chomhuaineacha (a d’fhoghlaim an dá theanga le chéile) agus dhátheangaigh sheicheamhacha (a d’fhoghlaim an dá theanga i ndiaidh a chéile). Bhí na gasúir ar fad idir cúig agus sé bliana d’aois.

Chreid níos mó de na gasúr a raibh an dara teanga acu gur ón taithí a thagann tréithe an duine.

Mar chuid den staidéar, insíodh scéalta do na gasúir faoi leanaí a rugadh i Sasana ach a uchtaíodh san Iodáil agus faoi lachain ar tógadh i measc madraí iad. Fiafraíodh de rannpháirtithe an staidéir cé acu teanga, Béarla nó an Iodáilis, a labhródh na leanaí a rugadh i Sasana ach ar tógadh san Iodáil iad. Cuireadh cesit ar na gasúir chomh maith cé acu an ndéanfadh na héiníní lachain tafann nó vácaranach.

Fiafraíodh díobh freisin cé acu clúmh nó fionnadh a bheadh ar na héiníní.

Bhí na taighdeoirí ag súil go dtuigfeadh na dátheangaigh go bhfoghlaimítear teanga ach go dtuigfeadh na gasúir ar fad gur tréithe dúchasacha iad fuaimeanna agus tréithe coirp na n-ainmhithe.

Baineadh siar astu de bheagán nuair a léirigh na dátheangaigh sheicheamhacha tuiscint ar fhoghlaim teanga – bhí a fhios acu gur Iodáilis a labhródh leanaí a tógadh léi.

Ach chreid cuid mhaith de na dátheangaigh leis go mbeadh na héiníní a thóg na madraí ag rith agus ag tafann ar chuma na madraí féin.

“Rinneadh dátheangaigh agus aonteangaigh araon botúin, ach botúin dhifiriúla. Ba dhóichí go gceapfadh an t-aonteangach gur ón dúchas a tháinig gach gné, agus ba dhóichí go gceapfadh an dátheangach go bhfoghlaimítear gach rud,” a dúirt an tOllamh Byers-Heinlein.

Cuireann aigneolaithe an-spéis sna botúin a dhéanann gasúir mar go gcuireann na botúin chéanna le tuiscint an aigneolaí ar phróiséas forbartha an duine.

Léiríonn torthaí na taighde seo go soiléir go bhféadfadh rud bunúsach a dhéanann gasúr gach lá i réimse amháin den saol – foghlaim teanga – a mheon a athrú i leith go leor réimsí saoil eile.

Is mór na himpleachtaí sóisalta atá ag an staidéar, dar leis an ollscoil, mar go léirítear ann go bhféadfadh oiliúint luath sa dara teanga cur leis an nglacadh a bhíonn ag gasúir leis an éagsúlacht dhaonna, shóisialta agus fhisiciúil.

Foilseofar an staidéar ina iomláine san iris eolaíochta Developmental Science.

Postáilte faoi Preas


05/01/2015 Irish Examiner

Tá an scéal seo ar fáil i mBéarla amháin. 

Postáilte faoi Preas