Tá áthas ar AFP a fhógairt go mbeidh na cúrsaí Gramadaí (TEG) á reáchtáil arís i mbliana i lár mhí Dheireadh Fómhair. Is cúrsaí go príomha ar líne ata i gceist ach leis an bhféidearthacht seimineáir lae beo a reáchtáil má ligeann srianta COVID dúinn é a dhéanamh.
Ag braith ar éileamh, reáchtálfar Cúrsa B1 (oiriúnach do bhaill bhoird atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus do rúnaithe, CRSanna, Feighlithe srl), Cúrsa B2 agus den chéad uair cúrsa Ardchruinnis. Beidh an Cúrsa Ardchruinnis oiriúnach dóibh siúd atá i mbun TEG C1 a bhaint amach agus clúdófar na gnéithe gramadaí de. Beidh sé oiriúnach dóibh siúd atá ag iarraidh na mionphointí de ghramadach na Gaeilge a fhoghlaim agus barrfheabhas Gaeilge a bhaint amach.
Tá ríméad ar AFP fáilte a chur roimh Iain Mac Roibeáird mar theagascóir linn. Tá taithí leathan ag Iain i dteagasc na Gaeilge ag gach leibhéal, ó bhunleibhéal go hardleibhéal in Ollscoil Mhá Nuad agus in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Mhúin sé na mílte mac léinn ollscoile agus mic léinn idirnáisiúnta go n-uige seo. D’oibrigh Iain mar Oifigeach Teangacha Oifigiúla in Ollscoil Mhá Nuad roimhe seo agus oibríonn sé mar aistritheoir freisin. Bhí Iain ina rannpháirtí i dtionscadail Eorpacha a bhí dírithe ar fheabhas a chur ar fhoghlaim teangacha don mhac léinn. Creideann Iain i dtimpeallacht spraíúil agus chairdiúil agus é ag múineadh, chomh maith le féinmhuinín a chothú san fhoghlaimeoir agus é/í ag foghlaim na Gaeilge.
Beidh bileoga eolais agus póstaeir seolta chuig na scoileanna go luath ach má theastaíonn tuilleadh eolais anois is féidir ríomhphost a chur chuig tomas@foras.ie nó glaoch a chur air ag 01 2150190.
Seimineár Oiliúna do Scoileanna: Buiséadú agus Cursaí Dlí
Ionad: Óstán an Clarion, Liffey Valley, BÁC
Dáta: 19ú Bealtaine 2015
Am: 9.00am – 3.00in
De bharr na ciorraithe airgid le roinnt blianta anuas tá scoileanna de shíor faoi bhrú ag cinntiú go bhfuil dóthain maoiniú acu chun go bhfeidhmeoidh an scoil chomh maith agus is féidir. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go mbeadh fhios ag an mBord Bainistíochta cá seasann cúrsaí airgid sa scoil. De bharr sin tá seimineár tábhachtach á eagrú ag An Foras Pátrúnachta dar scoileanna ina mbeidh an chéad leath dhó ag déileáil go sonrach le buiséadú. Beidh an dara mír ar an gclár ag plé le cúrsaí dlí mar a bhaineann sé le próiseas smachta agus ansin conas is fearr déileáil le tuismitheoirí atá dúshlánach.
Na Topaicí:
1. Airgeadas – ag réiteach buiséad do scoilbhliain 2015/16
2. Dlí – An Próiseas Smachta mar a bhaineann sé le múinteoir
Tuismitheoirí Dúshlánach – conas aighnis a laghdú agus líomhaintí a sheachaint
Airgeadas – Louise McNamara – FSSU
Tá an áthas orainn go mbeidh Louise McNamara ag tabhairt an seimneár ar airgeadais. Tá Louise ina ceannasaí ar an FSSU, an t-eagraíocht a thugann comhairle do na scoileanna dara leibhéal maidir le cúrsaí airgeadais. Nuair a bheidh an seisiún críochnaithe beidh an buiséad don scoilbhliain seo chugainn nach mór críochnaithe. Bheadh sé tábhachtach go mbeadh Príomhoide na scoile i láthair agus más féidir an Cathaoirleach agus Cisteoir don seisiún seo.
Dlí – Mason Hayes & Curran
Siad Mason, Hayes & Curran an comhlacht is mó dlíodóirí sa tír a bhíonn ag plé le cúrsaí oideachais. Tá an ríméad orainn go bhfuil dlíodóirí sinsearach sa chomhlacht ag teacht chun a gcuid saineolais a roinnt lenár scoileanna. Ar an lá beidh siad ag díriú ar dhá mhír (1) céard ba chóir do scoil a dhéanamh má tá múinteoirí acu nach bhfuil ag feidhmiú mar ba chóir agus (2) conas déileáil le tuismitheoirí dúshlánach. Arís bheadh sé tábhachtach do phríomhoidí agus do chathaoirligh agus do bhaill Boird Bhainistíochta bheith i láthair más féidir.
Tá an seimineár seo á chur ar fáil saor in aisce do scoileanna an Fhorais ach is gá rphost a sheoladh ag caoimhin@foras.ie chun áiteanna a chur in áirthint. Tá sé ceadmhach ag Boird Bhainistíochta costais a chlúdach dóibh siúd a bhíonn ag freastal ar ócáidí oiliúna mar seo ar son an scoile.
Má tá son cheist is féidir teagmháil a dhéanamh linn san oifig. 01 6294 110
Postáilte faoi Imeachtaí, Nuacht












































Bhí rath mór ar Chomhdháil an Fhorais Phátrúnachta 2015 a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar an Satharn.