Bhí an deis ag ionadaithe ón bhForas Pátrúnachta casadh le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ag ócáid speisialta in Áras an Uachtaráin le déanaí.
D’eagraigh an tUachtarán an ócáid in onóir Sheáin Uí Chuirreáin, An Coimisinéar Teang, a d’éirigh as a phost le déanta.
Tar éis deich mbliana a chaitheamh sa ról, d’fhógair Ó Cuirreáin i mí na Nollag seo caite go raibh sé le héirí as a ról, le feidhm ón 23 Feabhra 2014. Bhraith sé gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa dhá bhliain atá fágtha ina thréimhse ceapacháin.
Ghabh an tUachtarán buíochas le Seán Ó Cuirreáin as ucht gach rud atá déanta aige chun úsáid laethúil na Gaeilge a chothú. Labhair an tUachtarán faoi easpa cumais an Státchórais i leith na Gaeilge agus a dhíomá pearsanta leis sin.
Is féidir éisteach le hóráid an Uachtaráin anseo.