Camscéim Pearsanaithe Ríomhphoist

Jill Mc Mahon

16/04/2026

Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Email Impersonation Scam 
Camscéim Pearsanaithe Ríomhphoist

Foláireamh Tábhachtach Slándála: Camscéim Pearsanaithe Ríomhphoist

Treoir do Phearsanra Cuntasaíochta Scoile

Tá tuairiscí faighte le déanaí ó roinnt scoileanna go bhfuil ríomhphoist chamscéime shofaisticiúla á bhfáil acu. Is cosúil go dtagann na ríomhphoist sin ó Phríomhoide nó ó bhall foirne eile, ach is ó fhoinsí seachtracha a thagann siad i ndáiríre.

Príomhriosca

Seans maith go mbeadh cuma dhílis nó phráinneach ar na ríomhphoist agus go n-iarrfaí íocaíochtaí nó athruithe ar shonraí soláthraithe iontu. I gcásanna áirithe, bhí scoileanna ar tí íocaíochtaí calaoiseacha a phróiseáil nuair a tugadh faoi deara gur chamscéim iad.

Rabhadh maidir le Ríomhphoist Sheachtracha

Déan cinnte de go dtaispeánann do chóras ríomhphoist meirge rabhaidh soiléir ar ríomhphoist a fhaightear ó lasmuigh de d’eagraíocht, mar shampla: “Ó lasmuigh de d’eagraíocht a tháinig an ríomhphost seo. Ná cliceáil ar naisc agus ná hoscail ceangaltáin ach amháin más rud é go n-aithníonn tú an seoltóir agus gurb eol duit go bhfuil an tábhar sábháilte.”

Ar Cheart Duitse a Dhéanamh

Seiceáil seoladh ríomhphoist an tseoltóra go cúramach — ní an t-ainm taispeána amháin. Bí ag faire amach d’athruithe beaga, amhail litreacha breise, mílitriú, nó deirí neamhghnácha.

Má iarrann duine ort íocaíocht a dhéanamh i ríomhphost, cuir glao ar an té sin nó labhair leis nó léi go pearsanta lena dhearbhú go bhfuil sé fíor.

Deimhnigh iarratais le sonraí íocaíochta a athrú ar an bhfón agus cuir glao ar an uimhir atá ar taifead seachas ar aon uimhir atá luaite sa ríomhphost — fiú má bhíonn cuma ar an ríomhphost gur tháinig sé ó bhall foirne inmheánach.

Bí an-airdeallach ar iarratais phráinneacha nó neamhghnácha, go háirithe iad siúd a bhaineann le híocaíochtaí nó athruithe ar shonraí bainc.

I gcás idirbhearta airgeadais, ná braith in aon chás ar dhearbhú tríd an ríomhphost amháin.

Tuairiscigh ríomhphoist amhrasacha láithreach don lucht tacaíochta TF nó do lucht bainistíochta na scoile.