Bhí Gaelscoil na Mí agus Gaelscoil Longfoirt i measc na scoileanna ar bronnadh Brat Glas orthu le déanaí.
Is clár oideachasúil do scoileanna é ‘Green-Schools’ a thugann aitheantas don obair iontach atá ar siúl ag scoileanna chun an timpeallacht a chosaint.
Is é seo an chéad Bhrat Glas atá bainte amach ag Gaelscoil na Mí agus an dara Bhrat Glas atá bainte amach ag Gaelscoil Longfoirt.
Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí páirteach.