Boird Bhainistíochta ar Scoileanna
Bainistíonn an bord bainistíochta an scoil thar ceann an phátrúin agus tá sé cuntasach don phátrún agus don Aire. Ní mór don Bhord seasamh le meon sainiúil (éiteas) na scoile agus tá sé cuntasach don phátrún as an méid sin a dhéanamh.
Tá an príomhoide freagrach as bainistíocht na scoile ó lá go lá, lena n-áirítear múinteoirí agus foireann eile na scoile a threorú agus a stiúradh, agus tá sé/sí cuntasach as an mbainistíocht sin.
Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna
Is é atá sa Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2019 – 2023 ná forbhreathnú ar ról an Bhoird agus ar na rialacha éagsúla atá i bhfeidhm maidir le comhdhéanamh agus oibriú na mBord.
Athrú Bhoird Bhainistíochta Bunscoileanna 2023
Beidh deireadh ag teacht le téarma oifige ceithre bliana bhoird bhainistíochta gach bunscoile atá ann faoi láthair ar an 30ú Samhain 2023 agus tarlóidh an t-athrú do na Boird nua ón 1ú Nollaig 2023.
Cuireann ciorclán Na Roinne Oideachais Ciroclán 0049/2023 (a foilsíodh ar an 21ú Meán Fómhair 2023) údaráis bhunscoileanna ar an eolas gur foilsíodh an Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023 – 2027 i ndiaidh comhairliúcháin a dhéanamh le comhpháirtithe oideachais.
Tá an Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023 – 2027 ar fáil go leictreonach amháin faoi láthair. Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais cóipeanna crua den lámhleabhar a sholáthar do scoileanna in am trátha nuair a bheidh próiseas soláthair phoiblí agus clódóireacht an lámhleabhair críochnaithe.
Tá an Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2019 – 2023 fós i bhfeidhm do na Boird atá ann cheana go dtí deireadh a dtéarma oifige ar an 30ú Samhain 2023
Teagmháil
Ba cheart ceisteanna ginearálta i dtaca leis an Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023 – 2027 a sheoladh le ríomhphost: schoolgovernance@education.gov.ie
Ba cheart ceisteanna ginearálta i dtaca le nósanna imeachta earcaíochta agus ceapacháin do mhúinteoirí, do phríomhoidí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta a sheoladh le ríomhphost chuig an roinn ag Ríomhphost: teachersna@education.gov.ie