
BeSMART.ie: Uirlis measúnaithe riosca saor in aisce
Rinne an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta forbairt ar BeSMART.ie, ráiteas sábháilteachta ar líne agus uirlis measúnaithe riosca saor in aisce is féidir le scoileanna a chomhlánú mar chuid dá mbainistíocht sláinte agus sábháilteachta, lena n-áirítear an ráiteas sábháilteachta agus measúnú riosca.
Ní cheanglaítear ar scoileanna ráitis sábháilteachta/measúnuithe riosca a fhorbairt ag baint úsáid as an uirlis BeSMART.ie, ach is féidir leo é sin a dhéanamh más mian leo.
Forbraíodh BeSMART.ie ar aon dul leis na teimpléid atá sna ‘Treoirlínte ar Bhainistiú Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa i mBunscoileanna’ a mbeidh cur amach agat orthu.
Féach an nasc chuig suíomh gréasáin HSA: https://www.hsa.ie/eng/gaeilge/
