Cuirimid oiliúint ar fáil do bhoird bhainistíochta ar mhodúil bhainistíochta ábhartha trí Ghaeilge. Gheobhaidh tú thíos eolas maidir le conas clárú do na seisiúin ghearra seo, a bhíonn ar líne sa tráthnóna. Cuirfear cóip den chur i láthair ar an leathanach seo tar éis an tseisiúin. Moltar do gach ball boird freastal ar na seisiúin seo.
Féach Clár Oiliúna 2022
Cuirimid cúrsaí Gaeilge ar fáil do bhaill foirne, baill boird agus eile chomh maith. Is ranganna ar líne a bhíonn i gceist leo. Déantar freastal ar leibhéal éagsúla cumais sna cúrsaí seo.
Coinnigh súil ar an suíomh do chúrsaí 2022/2023