De réir Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta, a foilsíodh in 2011, is ar údaráis scoileanna atá an phríomhfhreagracht as cúram agus leas a gcuid daltaí. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna freagrach as nósanna imeachta um chosaint leanaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme do scoileanna agus iad bunaithe ar Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta.
Is é aidhm na nósanna imeachta sin treoir a thabhairt do lucht bainistíochta scoileanna agus don fhoireann maidir le hábhair
imní faoi chosaint leanaí a aithint agus freagra a thabhairt orthu agus tacaíocht leanúnach a thabhairt don leanbh.
Tá sé d’fhreagracht ar an Roinn Oideachais agus Scileanna cigireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar conas atá na foirne oideachais ag cur na nósanna imeachta i bhfeidhm.
4.8.2 Tá sé de dhualgas ar gach Bord Bainistíochta scoile na rudaí seo a leanas a chinntiú:
4.8.3 Bíonn an-deis ag múinteoirí súil a choinneáil ar leanaí agus féachaint an bhfuil comharthaí drochúsáide le tabhairt faoi deara. Is iad na múinteoirí príomhchúramóirí na leanaí lasmuigh den teaghlach agus bíonn siad i dteagmháil rialta leo ar scoil.
4.8.4 Tá dualgas cúraim ghinearálta ar mhúinteoirí a dheimhniú go bhfuil socruithe déanta chun leanaí agus daoine óga a chosaint ó dhíobháil. Ní mór cabhrú le daoine óga a bhféinmheas, a muinín agus an cumas atá acu smaoineamh go neamhspleách a fhorbairt mar aon leis na scileanna riachtanacha le déileáil le bagairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar a sábháilteacht lasmuigh den scoil agus laistigh di.
Ba chóir go mbeadh foráil faoi na nithe seo a leanas sna socruithe bainistíochta i mbunscoileanna agus i scoileanna iar-bhunoideachais:
4.8.5 Má insíonn leanbh do mhúinteoir nó do bhall eile d’fhoireann na scoile go bhfuil tuismitheoir nó cúramóir nó duine eile ag déanamh díobhála dó nó di ba chóir don té sin éisteacht go cúramach leis an leanbh agus tacaíocht a thabhairt dó/di. Ba chóir an rud céanna a dhéanamh má thugann an leanbh le fios go bhféadfadh sé nó sí a bheith i mbaol díobhála ó thuismitheoir nó ó chúramóir nó aon duine eile. Baineann an socrú seo freisin le cás ina dtugann tuismitheoir nó cúramóir nó duine eile le fios go ndearna sé nó sí díobháil do leanbh nó go bhfuil baol ann go ndéanfadh. Níor chóir an leanbh a chur faoi agallamh foirmiúil; níor chóir don mhúinteoir nó don bhall foirne eile na fíricí riachtanacha a bhaineann leis an scéal a fháil ach amháin má tharlaíonn sé gur gá soiléiriú a fháil.
Níor chóir a ghealladh choíche don té atá ag nochtadh an scéil go ndéanfar é a choinneáil ina rún faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí agus ní mór a mhíniú ar bhealach tacúil go bhfuil sé riachtanach tuairisc faoin scéal a chur faoi bhráid Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh FSS. Ba chóir an comhrá a thaifeadadh go cruinn agus an taifead a choinneáil. Ba chóir don mhúinteoir nó don bhall eile foirne an scéal a insint don teagmhálaí ainmnithe atá freagrach as an scéal a thuairisciú do Sheirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh FSS nó don Gharda Síochána i gcás práinne mura bhfuil FSS ar fáil.