Tionóladh Comhdháil agus Cruinniú Cinn Bliana an Fhorais Phátrúnachta ar an Satharn 1 Márta 2014 in Red Cow Moran Hotel, Baile Átha Cliath.
Thosaigh an Chomhdháil agus Cruinniú Cinn Bhliain ag 9.00am.
Bhí deis ag toscairí breáthú ar sheastáin ó eagraíochtaí Gaeilge agus ó chomhlachtaí éagsúla. Cuireadh tús leis an chomhdháil go hoifigiúil ag 9.30am.
Labhair Damhnait Uí Ruairc, Cathaoirleach an Fhorais, lena raibh I láthair. Chuir sí fáilte roimh na haíonna agus gach duine a bhí I láthair – príomhoidí,
ionadaithe Boird agus múinteoirí.
Labhair Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas faoi clár an lae. Chuir sé fáilte roimh an aoi speisialta, Liam Ó Néill, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael.
Rinne na haoichainteoirí seo a leanas cur i láthair:
Ar an 23 Feabhra 2013, bhailigh slua múinteoirí le chéile in Óstán Kilashee i gCo. Chill Dara do Chomhdháil agus do Chruinniú Cinn Bhliana an Fhorais. Chuir Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí an Fhorais, fáilte roimh an slua agus thug Damhnait Uí Ruairc, cathaoirleach an Fhorais óráid spreagúil.
Rinne na haoichainteoirí seo a leanas cur i láthair:
Chuir daltaí ó Ghaelscoil Nás na Ríogh agus ó Ghael-Choláiste Chill Dara siamsaíocht den scoth ar fáil. Reáchtáladh an Cruinniú Cinn Bhliana tar éis lóin.