Bainisteoir Sainspiorad & Athchumraithe

Jill Mc Mahon

07/05/2026

Earcaíocht | Folúntais | Meánleibhéal | Nuacht ar Fad

An Ról

Is ról sinsearach in earnáil an oideachais é seo agus is mian linn duine fuinniúil, cumasach a cheapadh a stiúrfaidh agus a bhainisteoidh an próiseas forbartha do scoileanna mar gheall ar a sainspioraid sa dá bhliain atá romhainn.

Tacófar le scoileanna athbhreithniú a dhéanamh ar a sainspioraid reatha i gcomhthéacs torthaí an tSuirbhé Náisiúnta ar Bhunscoileanna. Pléifear na roghanna atá ar fáil do scoileanna maidir lena sainspioraid, agus conas forbairt i dtreo múnla nua má ghlacann an scoilphobal an cinneadh sin.

Dualgais

  • Plean Gníomhaíochta agus Cumarsáide a ullmhú
  • Próisis chomhairliúcháin a eagrú le scoileanna
  • Clár & Ábhar tacaíochta a fhorbairt
  • Feidhmeoidh an Bainisteoir Sainspiorad & Athchumraithe mar chomhairleoir & mar éascaitheoir maidir le gach gné den phróiseas.
  • Tuairisciú do Bhord Stiúrtha agus d’Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta
  • Buiséad a bhainistiú agus tuairiscí a ullmhú don Roinn Oideachais
  • Tacú leis an oifig náisiúnta seirbhísí agus comhairle chur ar fáil do scoileanna de réir mar is gá

Cáilíochtaí inmhianta

  • Ardchaighdeán Gaeilge idir labhairt agus scríobh (Cáilíocht TEG ina bhuntáiste)
  • Saintuiscint ar an nGaeloideachas
  • Tuiscint chuimsitheach ar chóras oideachais na hÉireann
  • Taithí inléirithe ar thionscadal oideachasúil a chomhordú/a bhainistiú

Conradh 2 Bhliain ar Iasacht atá i gceist de réir Ciorclán 29/2018 na Roinne – Scéim Iasachta Do Mhúinteoirí Cláraithe I Mbunscoileanna Agus In Iar-Bhunscoileanna Aitheanta. Coinneoidh an té a cheapfar pé scála tuarastail agus liúntais atá aige/aici ina p(h)ost reatha.

Tá ceanncheathrú AFP lonnaithe i Maigh Nuad, Co. Chill Dara agus beidh meascán d’obair oifige sa cheanncheathrú agus cianobair i gceist. Beidh taisteal chuig scoileanna i gceist chomh maith.

Iarratais: 

Seol c.v. agus litir iarratais ar ríomhphost chuig caoimhin@foras.ie faoi 5i.n. ar an 22/05/2026. Bíodh ‘Bainisteoir Sainspiorad & Athchumraithe’ i Líne an Ábhair.