Athbhreithniú ar bheartais iontrála le haghaidh scoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu

Jill Mc Mahon

19/06/2025

Ciorcláin | Nuacht ar Fad | Riachtanais Speisialta

Athbhreithniú ar bheartais iontrála le haghaidh scoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu do leanaí & do dhaoine óga uathacha

D’fhoilsigh an tAire litir agus tuairisc le déanaí inar ardaíodh ceisteanna maidir le cleachtais i scoileanna maidir lena bpolasaí iontrála agus ranganna speisialta. Ba chosúil go raibh cleachtais ar siúl i sciar maith scoileanna nach scoileanna AFP iad a d’fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar an reachtaíocht.

Táimid sásta nach bhfuil aon sárú den sórt sin inár dteimpléad caighdeánach agus iarraimid ar gach scoil an teimpléad sin a úsáid. Tabhair faoi deara nach féidir aon athrú a dhéanamh ar an bpolasaí iontrála gan faomhadh AFP a fháil ar an athrú.

Sa litir ón Aire luadh “Tosaíocht a thabhairt do dhaltaí reatha” maidir le áiteanna i rang speisialta a dháileadh. Lorgaíomar cruinniú leis an Roinn le déanaí maidir le soiléiriú air seo. Is í an comhairle gur féidir tosaíocht a thabhairt do na daltaí seo ag brath ar:

  • Tuairisc síceolaíochta a bheith ag an daltaí ina luaitear go sonrach go bhainfeadh an dalta tairbhe as freastal ar rang speisialta.

Agus

  • Go bhfuil CNOS/NCSE curtha ar an eolas maidir leis an dalta.

I gcás go bhfuil an dalta ag fanacht ar thuairisc ag teacht go luath ach tuairim láidir ag an scoil go mbeidh moladh do rang speisialta luaite inti, i gcás go mbeidh deacrachtaí leis an SENO áit a chur in áirithe don dalta, le do thoil déan teagmháil le Tomás (087 2642446) a dhéanfaidh an cás a ardú le CNOS/NCSE.