D’éirigh le Gaelscoil Riabhach i nGaillimh athnuachan a dhéanamh ar an tionscnamh sa scoil i mbliana. Is scoil ilchreidmheach í Gaelscoil Riabhach agus is siombail í an Brat Buí den fháilte a chuireann siad roimh chách. Comhghairdeas leo!!
Tionscnamh comhionnanais agus ilíochta é An Brat Buí atá dírithe ar scoileanna a chuireann chun cinn agus a spreagann timpeallacht idirchultúrach.
Thaisteal daltaí ó Ghaelscoil Riabhach go Baile Átha Cliath, áit ar bronnadh an dara Bhrat Buí ar an scoil. Is í Gaelscoil Riabhach an dara scoil sa tír atá i ndiaidh dhá bhrat a fháil gan briseadh agus is ceannródaí í an scoil i measc Ghaelscoileanna na tíre.
Sa phictiúir thíos feictear an grúpa leis an mbrat, in éineacht leis an damhsóir, Tura Artura, agus le Dil Wickremasinghe, a bhí mar láithreoirí ar an lá.