Comhghairdeas le Gaelscoil an Bhradáin Feasa! Tá suíomh idirlín na scoile ar ghearrliosta Eircom Spiders don suíomh Gaeilge is fearr.
Tá áthas an domhain ar phríomhoide na scoile, Siobhán Ní Dhúill, go bhfuil ainmnichán faighte ag an scoil. Is féidir leat breathnú ar an suíomh anseo.
Tá Litríocht.com. Gaelport.com, spailpín.com, futa fata, Bábóbaby agus Conradh na Gaeilge ainmnithe sa chatagóir céanna.
Fógrófar an buaiteoir ag searmanas a bheidh ar siúl ar an 28 Samhain san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath.