An Suirbhé Bunscoile: Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta roimh Fhoilsiú Thorthaí an tSuirbhé Bunscoile
Tá An Foras Pátrúnachta réidh le tacaíocht a chur ar fáil do scoileanna ar mian leo athruithe a dhéanamh ar éiteas, ar theanga an teagaisc nó ar phátrúnacht a scoile.
Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta (AFP), an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn, roimh fhoilsiú na gcéad torthaí ón Suirbhé Bunscoile ag an Roinn Oideachais & Óige maidir le héiteas scoile, comhoideachas agus oideachas lán-Ghaeilge.
Is céim thábhachtach é an suirbhé seo chun a chinntiú go bhfuil guth láidir ag pobail scoile maidir le todhchaí a scoileanna a mhúnlú. Aithníonn AFP na meonta atá léirithe ag scoileanna faoina phátrúnacht féin aistriú ó éiteas sainchreidmheach go héiteas ilchreidmheach. Tá An Foras Pátrúnachta ullamh chun dul ag obair go dlúth leis na pobail scoile seo chun an t-aistriú tábhachtach sin a éascú.
Tá sé beartaithe ag an Roinn torthaí an tsuirbhé ó gach scoil a fhoilsiú ar shuíomh na Roinne maidir le héiteas, comhoideachas & teanga an teagaisc sa choicís atá romhainn. Creideann AFP go mbeidh spéis mhór ag tuismitheoirí, pobail scoile agus lucht déanta beartas sna torthaí seo, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge agus le hathrú pátrúnachta.
Dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra: “Tugann foilsiú na dtorthaí tábhachtacha seo deis iontach do phobail scoile machnamh a dhéanamh ar na cleachtais reatha agus ar phleanáil don todhchaí ina scoileanna féin.”
“Cibé torthaí a thiocfaidh chun cinn, tá An Foras Pátrúnachta réidh le tacaíocht agus treoir a chur ar fáil do scoileanna agus do phobail ar mian leo athruithe a dhéanamh ar éiteas, ar theanga an teagaisc nó ar phátrúnacht a scoile. Tá taithí fhairsing ag An Foras tacú le scoileanna trí phróisis athraithe agus tá an eagraíocht tiomanta do chabhrú le pobail an t-oideachas is fearr a roghnú dá riachtanais féin.”
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoinár bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Is eagraíocht bhainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.

