Acmhainní/Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge
Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge (POLG)
Ó thús na Gaelscolaíochta ní raibh am níos tábhachtaí ná anois, ná gníomh níos tábhachtaí ná seo. Tá an chéad pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge á scríobh ag an stát faoi láthair agus tá an comhairliúchán poiblí beo anois.
Tá sé chomh tábhachtach go mbeidh polasaí láidir agus ceannródaíoch curtha i bhfeidhm chun tacú le dúshláin ar nós:
- easpa múinteoirí
- easpa seirbhísí do scoileanna lán-Ghaeilge
- easpa tacaíochtaí do riachtanais speisialta
- easpa leanúnachais ó naíonraí go gaelcholáistí
agus go leor eile
Tá deis tríd an bpolasaí seo na dúshláin sin a leigheas ach iad a chur in iúl don Roinn. Braitheann rath an pholasaí ar ghuth láidir ón bpobal. Is féidir linn an guth sin a úsáid trí cheistneoir na Roinne a fhreagairt. Tá an Roinn ag éisteacht! Is gá dúinn labhairt leo!
Tá ceistneoirí ar leith le líonadh ag baill foirne, ag tuismitheoirí agus ag daltaí. Tá moltaí agus freagraí samplacha ullmhaithe againn thíos chun tacú le comhlánú na gceistneoirí.
Tuigimid go bhfuil tú féin agus pobal na scoile fíorghnóthach ach iarraim ort an gníomh seo a ghlacadh ar ár son ar fad. Seo an t-am. Seo an gníomh is mó gur féidir linn a dhéanamh ar son oideachas lán-Ghaeilge.
Príomhoidí & Baill Foirne
Gach eolas do phríomhoidí, do mhúinteoirí, do bhaill boird, do rúnaithe & gach ball foirne eile
Múinteoirí & Daltaí
- Eolas do mhúinteoirí ar Rang 5 & Rang 6: Íoslódáil litir (PDF)
- Eolas do mhúinteoirí & dhaltaí sa Ghaelcholáiste: Íoslódáil litir (PDF)
Tuismitheoirí & Caomhnóirí
- Gach eolas do thuismitheoirí & caomhnóirí ar fáil anseo (Leagan Gaeilge)
- All information for parents & guardians available here (English version)
Nuacht is déanaí
POLG
Glúin na Gaeilge: Borradh láidir faoin nGaeilge i measc aosaigh óga tugtha le fios i dtaighde nua
(alt iomlán ar fáil ar shuíomh Gaelchultúr) Tá borradh faoin nGaeilge i measc aosaigh óga, de réir mórstaidéar náisiúnta nua a rinne Amárach Research i gcomhar le Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta. Ceannlíntí & Treochtaí an Taighde 1. Tá dearcadh agus cumas an...
‘Deis chaillte’ atá sa Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge deireadh a chur leis an mbac ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.
‘Deis chaillte’ atá sa Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge deireadh a chur leis an mbac ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú. English version available on English version of this site Deir An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, go...
PREASRÁITEAS: Comhchoiste na Gaeilge, 24.04.24
Tugtha le fios go bhfuil an tAire Foley ag cur bac ar rochtain ar an oideachas lán-Ghaeilge Béim leagtha ag An Foras Pátrúnachta ar an ngá atá le gníomhartha chun spriocanna an stáit a bhaint amach Mar gheall ar bheartas reatha na Roinne gan ghaelscoileanna nua a...
