65000 Páiste Bunscoile Gan Rochtain ar Ghaelscoil
Níl rochtain ag breis is 65000 páiste bunscoile ar fud na tíre ar ghaelscoil dar le figiúirí ó Shuirbhé Bunscoile na Roinne Oideachais agus Óige.
Tá sé léirithe sa suirbhé gur mhaith le 13% de thuismitheoirí i scoileanna Béarla go náisiúnta go mbeadh oideachas trí Ghaeilge ag a bpáistí. Is ionann seo agus 65,398 páiste sa tír nach bhfuil rochtain acu ar ghaelscoil i láthair na huaire.
Níl ach 150 den 2,900 bunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ina ngaelscoileanna agus 8% de dhaltaí ag freastal orthu.
Ráiteas An Foras Pátrúnachta
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar ghaelscoileanna a bhfuil éiteas sainchreidmheach nó ilchreidmheach acu. Ag labhairt faoi fhoilsiú thorthaí an tsuirbhé, dúirt an tArd-Rúnaí, Caoimhín Ó hÉaghra: “Cé go léiríonn na torthaí éileamh suntasach nach bhfuil á shásamh, creidimid go bhfuil an fíor-éileamh i bhfad níos airde. Léirigh taighde náisiúnta a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge i mbliana (An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025) go bhfuil an t-éileamh chomh hard le 45%. Is de bharr na frásaíochta conspóidí agus srianta sa cheist go bhfuil difríocht chomh wmór idir na figiúir seo. Pé difríocht atá ann, is léir go bhfuil níos mó gaelscoileanna de dhíth chun freastal ar na páistí nach bhfuil an rogha sin acu ar fud na tíre faoi láthair.”
Tuismitheoirí Gan Rogha
Mothaíonn go leor tuismitheoirí nach bhfuil An Roinn ag éisteacht leo. Tuismitheoir amháin díobh sin ná Cormac MacGabhann, atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Dúirt sé: “Is tuismitheoir réamhscoile mé a vótáil ar son oideachas lán-Ghaeilge do mo mhic. Caithfidh an Roinn freastal ar theaghlaigh cosúil le mo cheann nach féidir leo rochtain a fháil ar ghaelscoil. Labhraímid Gaeilge sa bhaile agus mura n-athraíonn rud éigin, ní bheidh aon rogha ag mo pháistí ach dul go scoil mheán-Bhéarla. Mothaím nach bhfuil an suíomh sin ceart ná cóir.”
Creideann An Foras Pátrúnachta gur gá don Roinn creat cuimsitheach a chur i bhfeidhm maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.
Cuireadh Chun Gnímh
Moltar do thuismitheoirí ar mian leo go bhfaigheadh a gcuid páistí oideachas i ngaelscoil achainí a dhéanamh chuig an rialtas chun rochtain ar ghaelscoil a chinntiú dóibh. Creideann IMEASC (Irish Medium Education At School), grúpa tuismitheoirí, gurb é easpa reachtaíochta an bhunchúis taobh thiar den easpa soláthair lán-Ghaeilge ón Roinn. Is féidir le tuismitheoirí eolas breise a fháil ag: https://www.imeasc.ie/
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGRATHÓIR
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal araon. Tá 80 scoil faoinár bpátrúnacht. Is pátrún é An Foras Pátrúnachta ar scoileanna lán-Ghaeilge a chuireann rogha sainchreidmheach nó ilchreidmheach ar fáil. Tá sé mar aidhm againn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú ionas go mbeidh teacht ag gach tuismitheoir a roghnódh an tumoideachas ar an rogha sin.
Tuilleadh Eolais
-
- Ard-Rúnaí : Caoimhín Ó hEaghra, 086-1738044
- Bainisteoir Cumarsáide: Jill Mc Mahon, 083-0932977, jill@foras.ie
- Agallamh ar fáil ach iad a iarraidh

