Tá pacáiste acmhainní oideachais ar fáil anois ón suíomh logainm.ie, bunachar logainmneacha na hÉireann.
Tá na hacmhainní seo dírithe ar leibhéal na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus an tríú leibhéal. Oireann na hacmhainní do cheantar ar bith sa tír agus tá roinnt cluichí idirghníomhacha ar líne i gceist.
D’fhéadfaí na hacmhainní seo a úsáid i roinnt ranganna iarbhunscoile chomh maith.