Bhí an chéad chluiche peile ag Coláiste Ghlór na Mara ar an Aoine 12ú Meán Fómhair agus d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar fhoireann chumasach ó Fingal Community College. 4-17 go 1-7 an scór a bhí ann ar an lá.
D’oscail Coláiste Ghlór na Mara, an Gaelcholáiste nua i mBaile Brigín, ar an gcéad lá Meán Fómhair le 26 dalta agus tá cúrsaí ag dul i bhfeabhas ó shin.
Baineann na daltaí úsáid as táibléid ‘Microsoft Surface’ dá gcuid obair scoile agus tá foghlaim den chéad scoth ar siúl!
Ba í an múinteoir Carly Nic Cuarta a chuir an fhoireann peile amach ar an bpáirc tar éis taicticí a phlé agus idir chailíní agus bhuachaillí rinne siad tréan iarracht chun an bua seo a aimsiú. Comhghairdeas ó chroí leo!