“26 Gaelscoil, 5,800 dalta – gaelcholáiste ar bith” ~ Tuairisc.ie

Jill Mc Mahon

17/05/2023

Cóiríocht | Nuacht ar Fad

26 Gaelscoil, 5,800 dalta – gaelcholáiste ar bith

~Méabh Ní Thuathaláin

De réir na bhfigiúirí nua, tá 5,769 dalta ag freastal ar ghaelscoileanna sna ceantair is mó sa stát ina bhfuil éileamh ar an ngaeloideachas ach nach bhfuil aon ghaelcholáiste acu

26 Gaelscoil agus beagnach 5,800 dalta i sé cheantar  –  ach gan oiread is gaelcholáiste amháin le freastal orthu.

Sin an léiriú atá ar fáil i bhfigiúirí nua ar “dhroch-chás” an ghaeloideachais, a deir An Foras Pátrúnachta.

De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc ar na figiúirí nua, tá 5,769 dalta ag freastal ar ghaelscoileanna sna ceantair is mó sa stát ina bhfuil éileamh ar an ghaeloideachas ach nach bhfuil aon ghaelcholáiste acu.

Is iad na sé cheantar atá aitheanta ag An Foras Pátrúnachta mar na ceantair is mó ina bhfuil práinn le bunú gaelcholáiste – Droichead na Bandan in iarthar Chorcaí, Tulach Mhór in Uíbh Fhailí, oirdheisceart chontae na Mí, ceantar Choill na Silíní agus ceantar Shoird i mBaile Átha Cliath agus Baile Átha Cliath 2,4,6 agus 8.

Tá mórcheantar cathrach eile ar liosta práinne an Fhorais Pátrúnachta, tuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil 20 Gaelscoil agus ceithre Ghaelcholáiste… Léigh tuilleadh