FOLÚNTAS: Bainisteoir Riaracháin

Jill Mc Mahon

26/02/2025

Folúntais | Nuacht ar Fad

Folúntas: Bainisteoir Riaracháin

Post lán-aimseartha nó dhá phost páirt-aimseartha ar fáil

 

Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar ghaelscoileanna in Éirinn. I mbliana, beidh 17,000 dalta ag freastal ar ár 80 scoil ar fud na tíre. Is mian linn duine eagraithe agus cumasach a cheapadh a chuirfidh le hobair agus le spriocanna na heagraíochta.

 

Is féidir an ról seo a líonadh trí cheachtar den dá rogha seo:

  • Post lán-aimseartha d’iarrthóir amháin
  • Dhá phost páirt-aimseartha suas le 3 lá sa tseachtain

Dualgais:

Tá solúbthacht ann maidir leis na dualgais phoist. Beidh oiliúint curtha ar fáil sna réimsí éagsúla oibre de réir mar is gá. Is dualgais shamplacha iad seo leanas:

 

Riarachán i réimse na cóiríochta scoile

  • Ag plé le cáipéisí faoi fhoirgnimh scoile m.sh. léasanna, conarthaí cothabhála &rl.
  • Ag plé leis An Roinn Oideachais thar ceann scoileanna
  • Ag tacú le scoileanna maidir le cothabháil rialta na bhfoirgneamh
  • Ag eagrú agus ag freastal ar chruinnithe le páirtithe leasmhara maidir le cóiríocht
  • Ag cabhrú le scoileanna a gcuid áiseanna a bhainistiú

 

Riarachán Ginearálta

  • Iarratais do ríomhfhiosrú na nGardaí a phróiseáil
  • Oiliúint do rúnaithe scoile a bhainistiú
  • Cáipéisí rialachais scoileanna a bhailiú
  • Comórtas díospóireachta/ealaíne a eagrú do scoileanna
  • Iarratais ar mhaoiniú a ullmhú

 

Cáilíochtaí

  • Ardchaighdeán Gaeilge idir labhairt agus scríobh
  • Cáilíocht 3ú leibhéal nó taithí agus scileanna sa réimse riaracháin
  • Scileanna ríomhaireachta
  • Bheadh eolas ar scoileanna nó ar an gcóras oideachais ina bhuntáiste

 

Conradh 3 Bliana atá i gceist. Is féidir go leanfar leis an gconradh i ndiaidh sin ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil. Íocfar tuarastal €50,831 – €52,618 – €54,514 pro rata leis an té a cheapfar. Déanfar ranníocaíochtaí pinsin a íoc sa bhreis ar an tuarastal. D’fhéadfadh go mbeadh taisteal chuig cruinnithe i gceist ó am go ham agus íocfar costais bunaithe ar rátaí an státchórais.

Tá oifigí An Foras Pátrúnachta lonnaithe i Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Beidh rogha ag an té a cheapfar tabhairt faoin obair san oifig nó trí chianobair. D’fheadfaí é seo a athbreithniú ag brath ar riachtanais na heagraíochta. Táthar ag súil le go mbeidh an fhoireann uilig ag teacht le chéile san oifig de réir mar is gá.

 

Iarratais:

Seol c.v. agus litir iarratais ar ríomhphost go caoimhin@foras.ie faoi 5i.n. ar an 14 Márta.