Táthar tar éis athchóiriú a dhéanamh ar thairseach oideachais na Roinne Oideachais agus Scileanna, Scoilnet.ie, chun ligint do mhúinteoirí a gcuid acmhainní múinteoireachta agus foghlama féin a chomhroinnt agus a uaslódáil.
Go nuige seo, ní raibh i Scoilnet ach suíomh gréasáin do thomhailt amháin, a chuireadh úsáideoirí ar aghaidh chuig ábhar eile ar líne, gan áis idirghníomhach ar bith aige féin.
Anois is féidir le múinteoir cláraithe bunscoile nó iar-bhunscoile ar bith a gcuid acmhainní múinteoireachta agus foghlama féin a chur san áireamh agus iad a mhapáil do churaclam na hÉireann
Ag lainseáil Scoilnet nuashonraithe dó, mhisnigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. múinteoirí chun comhroinnt a dhéanamh agus cur leis an suíomh tríd an uirlis “Resource Finder”.
“Deis iontach é seo do mhúinteoirí cláraithe bunscoile agus iar-bhunscoile na hÉireann chun acmhainní múinteoireachta a chruthú agus a chomhroinnt. Tá fhios againn go bhfuil fonn ar mhúinteoirí na hÉireann acmhainní digiteacha a úsáid agus a chomhroinnt agus mar fhianaise air sin tá an líon múinteoirí as Éirinn a thugann cuairt ar acmhainní ar nós suíomh gréasáin an Times Education Supplement,” a dúirt an tAire Quinn.
“Bíodh is gur sáracmhainn é seo do mhúinteoirí, tá de bhuntáiste bhreise ag Scoilnet go bhfuil inneachar ann a bhaineann go sainiúil le curaclam na hÉireann. Fáiltím chomh maith roimh na hacmhainní ann dár nGaelscoileanna agus Scoileanna sa Ghaeltacht. Mhisneoinn múinteoirí chun acmhainní a chomhroinnt i measc a bpiaraí.”
Ina theannta sin, tá ceadúnú Creative Commons curtha i bhfeidhm ag an suíomh gréasáin i dtreo is go gcuirfear ar fáil, áit gur féidir é, acmhainní uaslódáilte mar Open Educational Resources (OER).
I measc príomhghnéithe an tsuímh gréasáin nua tá:
Cuimsíonn Scoilnet.ie bunachar sonraí de bhreis is 11,000 acmhainn ar líne ar a n-áirítear suíomhanna gréasáin, quizeanna, pleananna ceachta, nótaí, físeáin/closáin, cluichí agus ilmheáin eile.
Úsáideann múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile na hÉireann Scoilnet.ie go gníomhach. In 2013, taifeadadh 1.66m cuairt. Ar an mórchóir, tá sé de nós ag múinteoirí bunscoile an suíomh a úsáid níos mó ná múinteoirí iar-bhunscoile, de choimheas 2:1.
Beidh Scoilnet ag bogadh in 2014 i dtreo comhthadhall a dhéanamh le ranna eile Rialtais agus le heagraíochtaí eile de chuid na hearnála poiblí a tháirgeann acmhainní oideachasúla do mhúinteoirí agus scoileanna chun a chinntiú go mbíonn a n-ábhair go léir curtha san áireamh nó tagairtí tugtha dóibh ar an suíomh. Is den tábhacht é a chinntiú go mbíonn gach ábhar oideachasúil atá arna mhaoiniú go poiblí éasca le haimsiú agus éasca le hamharc air i gcomhthéacs an churaclaim.
Cuirfidh an tSeirbhís Forbartha Gairmiúla do Mhúinteoirí, Teichneolaíocht san Oideachas, deiseanna foghlama ar fáil do mhúinteoirí maidir le gach gné de Scoilnet a úsáid. Déanfar é seo ar gach cúrsa samhraidh 2014 de chuid na Seirbhíse. Beidh croí-mhodúl Scoilnet, mar aon le ceardlanna tiomnaithe faoi úsáid Scoilnet, san áireamh chomh maith i ngach cúrsa scoilbhliana agus gach ceardlann a bheidh arna gceapadh agus arna seachadadh ag an tSeirbhís tríd an líonra Lárionad Oideachais.