Bunaithe i 1993, is é An Foras Pátrúnachta an Pátrún is mó ar scoileanna Lán-Ghaeilge agus freastalaíonn sé ar 68 scoil a bhfuil breis is 13000 dalta agus os cionn 600 fostaí acu. Ta sé freagrach as bainistiú na scoileanna ó lá go lá, as bunú scoileanna nua agus as ionadaíocht a dhéanamh dár scoileanna in earnáil Oideachais agus na Gaeilge.
Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta roimh iarratais ar an bpost mar Bhainisteoir Riaracháin agus Tacaíochta. Is ról sinsearach in earnáil an Oideachais agus na Gaeilge é seo ina mbeidh ról lárnach ag an mBainisteoir Riaracháin agus Tacaíochta i bhfeidhmiú agus i bhforbairt na heagraíochta. Freagrach don Ard Rúnaí agus do Bhord Stiúrtha An Foras Pátrúnachta beidh an té a cheapfar freagrach as:
Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta mar aon le taithí ar chaidreamh éifeachtach a dhéanamh le daoine ag gach leibhéal
Scála Pá: €38,000 – €45,000.
Téarma: Conradh 3 bliana atá i gceist.
Láthair Oibre: Oifig An Foras Pátrúnachta, Bloc K3, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Co. Chill Dara.
Seol litir iarratais mar aon le CV chuig foluntais@foras.ie roimh 5:00i.n ar an 27ú Márta 2015. Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh an spriocdháta. Is fostóir comhionannais deise é An Foras Pátrúnachta.