Tá páipéir foilsithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D.: Fóram ar Phátrúnacht agus ar Iolrachas in earnáil na mbunscoileanna: Dul chun cinn go dtí seo agus pleananna don todhchaí.
Leanann an cháipéis seo an Tuarascáil ón nGrúpa Comhairleach don bhFóram ar Phátrúnacht agus ar Iolrachas, cáipéis a rinne mionscrúdú ar bhealaí chun ilchineálacht agus cuimsiú a chur chun cinn agus a chinntiú i mbunscoileanna.
In ainneoin go bhfuil athrú tagtha ar shochaí na hÉireann, tá pátrúin reiligiúnacha ag 96 faoin gcéad de na bunscoileanna sa tír seo agus tá nócha faoin gcéad de na scoileanna sin faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicigh.
Rinne an Fóram roinnt moltaí, moltaí ar na hábhair seo san áireamh:
Cuireann an páipéar uasdátú ar fáil ar an dul chun cinn atá déanta na moltaí seo a chur i bhfeidhm agus díríonn sé ar na roghanna atá ann chun ilchineálacht a chur chun cinn i scoileanna.
Dúirt an tAire Quinn: “Is léir nach bhfuil cur chuige amháin ann a chinnteoidh go bhfuil gach scoil cuimsitheach agus fáilteach. Tá ár scoileanna bródúil as an traidisiún atá acu freastal ar a bpobail agus tá obair ollmhór déanta acu ar son ár sochaí.
“Bhí ról tábhachtach ag pátrúin sainchreidmheacha san obair seo agus beidh ról suntasach acu sa chóras oideachais amach anseo. Is áiteanna gnóthacha iad scoileanna áfach agus tá an baol ann go ndéanfar faillí ar chearta bunúsacha a bhfuil daltaí agus a gcuid tuismitheoirí i dteideal dóibh.”
Díríonn an cháipéis seo ar an dea-chleachtas a bhaineann le:
De réir an Bhunreachta, tá sé de cheart ag tuismitheoirí a bpáistí a bhaint ó theagasc Críostaí i scoileanna.
Is féidir teacht ar an gcáipéis tríd an nasc seo a bhrú: http://www.education.ie/en/Press-Events/Conferences/Patronage-and-Pluralism-in-the-Primary-Sector/Progress-to-Date-and-Future-Directions-Forum-on-Patronage-and-Pluralism-in-the-Primary-Sector.pdf