Bhain na páistí agus na tuismitheoirí ó Ghaelscoil Moshíológ an-sult as an bPicnic Mhór a reáchtáladh ar an 14 Meitheamh.
D’eagraigh Cumann na dTuismitheoirí an ócáid le tacaíocht ón eagraíocht Ghaeilge Comhluadar.
Tugadh an deis do theaghlaigh picnic a ithe agus Gaeilge a labhairt.
Eagraíodh cluichí éagsúla do na páistí ar an lá. Tugadh an deis dóibh a mbéirín bréige a thabhairt leo chun sult as bhaint as an ócáid leo!