Tá ríméad orainn arís i mbliana a fhógairt go mbeidh ár gcúrsaí gramadaí ar líne ag tosú arís i lár Mhí Dheireadh Fómhair.
Beidh 4 chúrsa á reáchtáil arís agus iad ag tosú i lár mhí Deireadh Fómhair:
-
Bunchúrsa
Dírithe orthu siúd atá ar bheagán Gaeilge m.s. Rúnaithe, Cúntóirí Riachtanas Speisialta, Feighlithe Scoile. Cúrsa Saincheaptha atá ann ina dhíreofar ar theanga an tsuímh scoile agus ar mhuinín an duine a mhéadú.
-
Meánleibhéal 1
Oiriúnach do bhaill na mBord Bainistíochta, rúnaithe scoile, cúntóirí riachtanais speisialta, airígh agus foireann neamhtheagaisc eile a bhfuil Gaeilge mheasartha acu agus atá ag iarraidh cur lena gcumas teanga.
-
Meánleibhéal 2
Do Mhúinteoirí Bunscoile agus Meánscoile atá ag iarraidh a gcumas gramadaí a fheabhsú nó an dlaoi mhullaigh a chur ar a gcuid Gaeilge.
-
Ardchruinneas
Oiriúnach dóibh siúd atá i mbun TEG C1 nó dóibh siúd a bhfuil suim acu in Ealaíon Dhorcha na Gramadaí.
Más suim leat clárú le haghaidh cúrsa, is féidir teagmháil a dhéanamh lenár mBainisteoir Oiliúna (tomas@foras.ie) nó an fhoirm seo a chomhlánú. Déanfar teagmháil leat go luath.