Chuir Gaelscoil Mhuscraí, Corcaigh, fáilte roimh Seán Kelly, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, chuig an scoil le déanaí. Bhronn sé dhá ghradam mór le rá ar an scoil – ‘Digital School of Distinction’ & Lipéad Eorpach eTwinning do thionscadail eTwinning na scoile: 'Castles and History' agus 'Green Schools'.
Is aitheantas é an gradam digiteach d’iarrachtaí na scoile teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a nascadh tríd an gcuraclam go héifeachtach. Labhair Seán Kelly le pobal na scoile faoina obair i bParlaimint na hEorpa agus bhí deis ag na paistí ceisteanna a chur air freisin.