Tá ríméad ar Ghaelscoil Moshíológ agus an tríú háit bainte amach acu i gcomórtas ceoil Waltons do scoileanna.
Chas 66 ceoltóir óg (ó naíonáin bheaga go rang 6) ó Ghaelscoil Moshíológ ceol traidisiúnta ag an gcomórtas a reáchtáladh sa Cheoláras Náisiúnta ar an 12 Bealtaine 2014.
Is féidir breathnú ar a dtaispeántas anseo:
Dúirt urlabhraí na scoile leis an bhForas Pátrúnachta go bhfuil lucht na scoil an-bhródúil as an éacht. Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leo.
Is comórtais náisiúnta do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna é comórtas Waltons.
Céad Áit : Knockanean National School, Ennis, Co. Clare
Dara Áit : Gaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Tríú Áit : Gaelscoil Moshíológ, Guaire, Co. Loch Garman