Imní ar An Foras Pátrúnachta maidir le moill ar thograí tógála scoileanna
Tá díomá curtha in iúl ag An Foras Pátrúnachta i ndiaidh cruinnithe leis An Roinn Oideachais Dé Máirt, 7 Márta. Dúradh sa chruinniú go mbeidh 58 togra tógála scoileanna curtha ar athló de bharr cuinsí airgeadais, 5 scoil faoin bhForas ina measc.
Tá moill curtha anois le tograí d’fhoirgnimh bhuana a raibh an tógáil féin chun tosú go luath.
Is iad an cúig thogra faoin bhForas atá ar athló ná: Gaelscoil an Inbhir Mhóir (An t-Inbhear Mór), Gaelscoil na gCeithre Máistrí (Baile Dhún na nGall), Gaelscoil Lir (Teach Sagard), Gaelscoil Phádraig (Baile Breac), agus Gaelscoil Eois (Cluain Eois).
Dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra: “Tá fíor-dhíomá orainn mar gheall ar an moill atá curtha le forbairt cuid dár scoileanna. Is suíomh eisceachtúil é seo do scoileanna agus tá cuid acu ag fanacht le blianta fada i gcóiríocht shealadach.
Cuirfidh an mhoill seo brú mór ar na scoileanna atá ag streachailt de bharr easpa cóiríochta le fada. Tá géarghá leis an bhforbairt a bhí pleanáilte dóibh agus tá iarratas déanta againn ar An Roinn Oideachais gach iarracht a dhéanamh chun maoiniú breise a fháil agus tús a chur leis an obair tógála.
Ba chóir go mbeadh cóiríocht bhuan ag gach scoil. Tá Gaelscoil Phádraig mar shampla i bhfoirgnimh réamhdhéanta ón chéad lá. Sin 27 bliain ó shin. Is scoil í seo a bhfuil faillí déanta uirthi agus is gá don stát a chinntiú nach leanfar leis an bhfaillí seo.”
Dar le Cian Ó Cuanacháin, Príomhoide Ghaelscoil an Inbhir Mhóir, “Níl cinneadh na Roinne inghlactha in aon chor”. Tá Gaelscoil an Inbhir Mhóir suite i bhfoirgnimh shealadacha le breis is 25 bliain. Deir Ó Cuanacháin gur mhaith leis “soiléiriú láithreach nach mbeidh moill ar an dáta don bhogadh isteach mar gheall ar an bhfógra seo.”
Tuigeann An Foras Pátrúnachta go bhfuil An Roinn Oideachais i mbun cainteanna leis An Roinn Caitheachas Phoiblí Sheachadadh PFN agus Athchóirithe chun teacht ar an réiteach don ghearrthréimhse chun maoiniú a chur ar fáil don tógáil. Tá sé ráite ag Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil siad ag súil le réiteach faoi um Cásca.
“Tá súil againn go mbeidh toradh maith ar na cainteanna seo. Tá scoileanna cheana féin ró-fhada ag fanacht ar chóiríocht bhuan, níl cothrom na féinne á fháil ag pobail na scoileanna seo.” a dúirt Ó hEaghra.