0043/2022 Leithdháileadh post Príomhoide Cúnta

Jill Mc Mahon

20/09/2022

Ciorcláin | Earcaíocht | Nuacht ar Fad

Leagann Ciorclán 0043/2022 amach an leathdháileadh do phoist mar phríomhoidí cúnta sna scoileanna ó 01 Meán Fómhair 2022.   Agus an leathdháileadh don scoil á ríomh, is féidir na poist thíos uile a chuimsiú mar phoist údaraithe:
  • múinteoirí ranga
  • múinteoirí oideachas speisialta
  • múinteoirí atá i bhfeighil ranganna uathachais agus
  • múinteoirí a fhostaítear do phainéil soláthair (painéil ionadaíochta)

 

Ní chuimsítear bunphost do laethanta scaoilte príomhoidí le líon na bpost údaraithe.