0031/2022: Earcaíocht CRS

Jill Mc Mahon

29/04/2022

Ciorcláin | Earcaíocht | Nuacht ar Fad | Riachtanais Speisialta

Socruithe Sannacháin Fhorlíontaigh don scoilbhliain 2022/2023

Ordaíonn an tAire Oideachais duit na socruithe sannacháin fhorlíontaigh seo a leanas a chur chun feidhme do chúntóirí riachtanas speisialta don scoilbhliain 2022/2023. Tá na socruithe seo le cur chun feidhme ag gach fostóir le héifeacht láithreach agus ní mór do gach scoil/Bord Oideachais agus Oiliúna agus do gach cúntóir riachtanas speisialta cloí le téarmaí an chiorcláin seo.