Tomás Ó Póil, Bainisteoir Oiliúna

An Foras Pátrúnachta / An Fhoireann / Tomás Ó Póil, Bainisteoir Oiliúna

Is as Droichead Nua, Co Chill Dara ó dhúchais é Tomás Ó Póil. Bhain sé amach Dioplóma i Staidéir Ghnó agus Bainistíocht ó DIT i 1990, céim sa Ghaeilge ó OÉMN/NUIM i 2008, agus Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ó Choláiste na hÉireann 2016. Is iar-stiúrthóir bhord stiúrtha An Forais é (2004 – 2016) agus tá sé fostaithe mar Bhainisteoir Oiliúna ó shin i leith. Ba chomhbhunaitheoir é de chéad Ghaelcholáiste an Fhorais, Gaelcholáiste Chill Dara in 2003.

Ina ról Bhainisteoir Oiliúna, tá sé:

  • Freagrach as módúil a aistriú a chur in oiriúint agus cúrsaí a reáchtáil do bhoird na scoileanna
  • Freagrach as Ranganna Gaeilge (TEG) a fhorbairt do bhoird agus d’fhoirne na scoileanna
  • Freagrach as forbairt beartas – Beartas Iontrála, Cosanta Sonraí, Ráiteas Sábháilteachta srl. Comhairle a thabhairt do scoileanna ina leith.
  • Freagrach as ceist na Gaeilge a chur chun cinn leis an Roinn Oideachais agus na hEagraíochtaí eile stáit a bhfuil ár scoileanna ag plé leo. Idirghabháil leis an gCoimisinéar Teanga i gcásanna neamhréitigh.
  • Freagrach as seirbhís tacaíochta a fhorbairt dár n-iar-bhunscoileanna
  • Neart eile

Dean teagmháil

tomas@foras.ie | 01-2150190