Is cúis áthais do Ghaelscoil Longfoirt a fhógairt go mbeidh Seán-Óg Ó hAilpín ag ceiliúradh 15 bliana ag fás i nGaelscoil Longfoirt Dé hAoine beag seo, 7 Feabhra 2014 ag 12.30i.n.
Beidh an peileadóir-iománaí cáiliúil ó Chorcaigh sa scoil chun an ócáid speisialta seo a cheiliúradh agus a sheoladh.
Mar chuid den cheiliúradh, seolfar suíomh idirlín úr agus Leathanach Facebook. Cuirfear crann i nGairdín na Scoile agus gearrfar cáca ceiliúrtha sa scoil ina dhiaidh.
Beidh pobal uile na scoile móide aíonna linn do shólaistí i gClub CLG Slashers. Ceiliúrfar éachtaí Ghaelscoil Longfoirt ó céad bunaíodh í mar an t-aon Ghaelscoil sa chontae a shuíonn i lár phobail Longfoirt.
Ba mhór don scoil iarscolairí agus iarthuistí agus pobal uile na scoile a bheith linn chun an ócáid speisialta seo a cheiliúradh.