
Is é An Foras Pátrúnachta an t-aon phátrún a chuireann rogha de thrí éiteas ar fáil do thuismitheoirí: Caitliceach, Ilchreidmheach agus Idirchreidmheach. De bharr an rogha aicmí seo, freastalaíonn An Foras Pátrúnachta ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dá bpáistí, is cuma cén cúlra creidimh atá acu.
Éiteas na Gaeilge
I scoil lán Ghaeilge tá an Ghaeilge:
- Mar theanga na scoile
- Mar theanga chumarsáide agus gnó na scoile
- Mar theanga mhúinte agus foghlama i ngach ábhar seachas Béarla
- Mar theanga chumarsáide ag na múinteoirí, na daltaí agus gach gné den scoil
3 Sainspioraid atá ar fáil i Scoileanna an Fhorais
- Scoil lán-Ghaeilge le Sainspiorad Caitliceach
- Scoil lán-Ghaeilge le Sainspiorad Idirchreidmheach
- Scoil lán-Ghaeilge le Sainspiorad Ilchreidmheach
Scoil lán-Ghaeilge le Sainspiorad Caitliceach
Sainmhíniú:
1. Feidhmeoidh scoil le sainspiorad Caitliceach faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta le sainmheon Caitliceach. Cothóidh sé seo an bheatha Chríostaí i saol na scoile spreagtha ag creideamh i nDia agus in Íosa Críost agus ag luachanna an tsoiscéil léirithe trí phaidir, cheiliúradh agus na sacraimintí i gcomhair leis na tuismitheoirí, an eaglais agus an pobal.
2. Ag am teagasc creidimh sa scoil cuirfear i gcrích agus múinfear clár an chreidimh Caitliceach maraon le hullmhúchán na ndaltaí do na sacraimintí mar atá leagtha síos ag Ardeaspag/Easpag na Deoise ag treorú an dalta le Dia a ghráú, a aithint agus a leanúint.
3. Cuirfear fáilte roimh na Comhairleoirí Deoise agus an chléir áitiúil inár ngaelscoileanna chun tacaíocht, comhairle agus cabhair a thabhairt don Bhord Bainistíochta, don fhoireann scoile agus do na tuismitheoirí in ullmhúchán na ndaltaí do na sacraimintí agus i soláthar an Chláir Chreidimh do na daltaí.
4. Tá dualgas ar an mBord Bainistíochta spiorad sainiúil na scoile atá ag teacht leis an sainmhíniú thuasluaite de scoil lán-Ghaeilge Caitliceach a chosaint agus a bheith freagrach don phátrún as é a chosaint.
Liosta 1: Gaelscoileanna le Sainspiorad Caitliceach
Scoileanna Caitliceacha i mBaile Átha Cliath
- Gaelscoil Bhaile Munna, Baile Munna, BÁC 11 01-8622275
- Gaelscoil Bharra, Cabrach, Baile Átha Cliath 7 01-8684827
- Gaelscoil Chnoc Liamhna, Cnoc Liamhna, Baile Átha Cliath 16 01-4939262
- Gaelscoil Cholmcille, Cúlóg, Baile Átha Cliath 9 01-8571541
- Gaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán, Co. Átha Cliath 01-6210342
- Gaelscoil Lios na nÓg, Raghnallach, Baile Átha Cliath 4 01-4975300
- Gaelscoil Phádraig, Baile Breac, Co. Átha Cliath 01-2827345
- Gaelscoil Ros Eo, Ros Eo, Co. Átha Cliath 01-8949767
- Gaelscoil Thaobh na Coille, An Chéim, Baile Átha Cliath 18. 01-2950000
- Gaelscoil Uí Earcáin, Fionnghlas Thoir, Baile Átha Cliath 11. 01-8643544
Scoileanna Caitliceacha i gCúige Laighean
- Gael-Choláiste Chill Dara, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara 045-898294
- Gaelscoil Charman, Loch Garman, Co. Loch Garman. 053-9124227
- Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Co. Chill Dara 045-442300
- Gaelscoil Éadan Doire, Éadan Doire, Co. Uibh Fháillí. 046-9773322
- Gaelscoil Inis Córthaidh, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman. 053-9237422
- Gaelscoil Longfoirt, Longfort, Co. Longfoirt. 043-3341360
- Gaelscoil na Bóinne, Baile Átha Troim, Co. na Mí. 046-9437872
- Gaelscoil Phort Laoise, Port Laoise, Co. Laoise. 057-8688293
- Gaelscoil Uí Chéadaigh, Bré, Co. Chill Mhantáin 01-2865044
Scoileanna Caitliceacha i gCúige Mumhan
- Gael-Choláiste Phort Láirge, Port Láirge 051-350855
- Gaelscoil Chaladh an Treoigh, Caladh an Treoigh, Luimneach. 061 339678
- Gaelscoil Charraig na Siúire, Co. Thiobraid Árainn 051-640366
- Gaelscoil Chluain Meala, Cluain Meala, Co. Thiobráid Árainn. 052-6127271
- Gaelscoil Dhochtúir Uí Shúilleabháin, An Sciobairín, Co. Chorcaí 028-21192
- Gaelscoil Mhúscraí, An Blárna, Co. Chorcaí 021-4516874
- Gaelscoil Dhroichead na Bandan, Droichead na Bandan, Co. Chorcaí 023-8843378
- Gaelscoil Thiobraid Árann, Co. Thiobhráid Árainn 062-31240
- Gaelscoil Uí Choimín, Cill Rois, Co. an Chláir. 065-9052791
Scoileanna Caitliceacha i gCúige Chonnachta
- Gaelscoil an Chluainín, Cluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma. 071-9856821
- Gaelscoil Chnoc na Ré, Sligeach, Co. Shligigh. 071-9174019
- Gaelscoil de hÍde, Roscomáin, Co. Roscomáin. 090-6628860
- Gaelscoil Iarfhlatha, Tuaim, Co. na Gaillimhe 093-26075
- Gaelscoil Liatroma, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma 071-9671464
- Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. 098-28121
- Gaelscoil na gCeithre Maol, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo. 096-73828
Scoileanna Caitliceacha i gCúige Uladh
Scoil lán-Ghaeilge le Sainspiorad Idirchreidmheach
Sainmhíniú:
1. Feidhmeoidh scoil Idirchreidmheach faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta le comhspiorad Caitliceach agus Protastúnach. Tabharfar aitheantas don chaoi a saibhríonn an dá chreideamh agus na sainchreidimh laistigh den Phrotastúnachas an saol in Éirinn.
2. Spreagfar tuiscint agus inghlacthacht ar mhodhanna adhartha Caitliceach agus Protastúnach.
3. Ullmhófar na daltaí do na sacraimintí a bhaineann leo.
4. Leagfar dualgas ar an scoil tábhacht na caoinfhulaingthe a aithint agus a cheiliúradh.
5. Tá freagracht ar an scoil idirchreidmheach freastal iomlán a dhéanamh ar an dá mhórthraidisiún Críostúil seo agus na siollabais chreidimh reatha atá leagtha síos ag easpaig na nDeoisí cuí a leanacht go hiomlán (nó ag easpaig na gcreideamh ar leith sna deoisí a leanacht go hiomlán). I gcás nach bhfuil ach daltaí de chreideamh amháin cláraithe sa scoil nó sa rang cloífear leis an bpolasaí thuasluaite trí thuiscint a thabhairt do dhaltaí ar an gcreideamh eile.
6. Tá dualgas ar an mBord Bainistíochta spiorad sainiúil na scoile atá ag teacht leis an sainmhíniú thuasluaite de ghaelscoil idirchreidmheach a chosaint agus a bheith freagrach don phátrún as é a chosaint.
Liosta 2: Gaelscoileanna le Sainspiorad Idirchreidmheach
Scoileanna Idirchreidmheacha i mBaile Átha Cliath
Scoileanna Idirchreidmheacha i gCúige Laighean
- Gaelscoil Átha Í, Átha Í, Co. Chill Dara 059-8634200
- Gaelscoil an Choillín, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí. 044-9330443
- Gaelscoil an Inbhir Mhóir, An tInbhéar Mór, Co. Chill Mhantáin 0402-39199
- Gaelscoil Chill Mhantáin, Ráth Naoi, Co. Chill Mhantáin 0404-67177
- Gaelscoil Mhoshíológ, Guaire, Co. Loch Garman. 053-9484028
- Gaelscoil na gCloch Liath, Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin 01-2010718
- Gaelscoil na Lochanna, Baile Coimín, Co. Chill Mhantáin 045-900525
- Gaelscoil Nás na Ríogh, An Nás, Co. Chill Dara 045-898766
- Gaelscoil Thulach na nÓg, Bóthar Rúisc, Dún Bóinne, Co. na Mí. 01-8252858
- Meánscoil Gharman, Coill an Bhrúnaigh, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman. 053-9235796
Scoileanna Idirchreidmheacha i gCúige Uladh
Scoil lán-Ghaeilge le Sainspiorad Ilchreidmheach
Sainmhíniú:
1. Ní mhúintear aon chreideamh ar leith (sainchreidimh) taobh istigh d’amchlár oifigiúil na scoile mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais & Scileanna.
2. Leanfar an clár Croí na Scoile atá curtha le chéile ag pobal na scoile agus i gcomhair leis an bhForas Pátrúnachta.
3. Tá freagracht ar na tuismitheoirí socraithe a dhéanamh do mhúineadh sainchreidimh dá bpáistí taobh amuigh d’am oifigiúil na scoile. Beidh an Bord Bainistíochta agus an Scoil solúbtha ag plé le haicmí éagsúla agus freastalóidh an Bord an oiread agus is féidir ar gach dream lasmuigh d’am oifigiúil na scoile.
4. Trí Ghaeilge amháin a mhúintear na haicmí creidimh lasmuigh d’am scoile. Ní bheidh dualgas ar an bhfoireann teagaisc an cúram seo a ghlacadh orthu féin.
5. Tá dualgas ar an mBord Bainistíochta spiorad sainiúil na scoile atá ag teacht leis an sainmhíniú thuasluaite de ghaelscoil ilchreidmheach a chosaint agus a bheith freagrach don phátrún as é a chosaint.
Liosta 3: Gaelscoileanna le Sainspiorad Ilchreidmheacha
Scoileanna Ilchreidmheacha i mBaile Átha Cliath
- Gaelscoil Shliabh Rua, Baile Ógáin, Baile Átha Cliath 18. 01-2921774
- Gaelscoil na Giúise, Teach na Giúise, Baile Átha Cliath 24. 01-5520998
- Gaelscoil na Fuinseoige, Páirc Finsbury, Baile an Teampaill, BÁC 14. 01-2989851
- Gaelcholáiste an Phiarsaigh, Rath Fearnáin, Baile Átha Cliath 14. 01-4933335
- Gaelcholáiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, Co. Átha Cliath. 01-6904481
Scoileanna Ilchreidmheacha i gCúige Laighean
- Gaelscoil an Bhradáin Fheasa, Droichead Átha, Co. na Mí. 041-9848667
- Gaelscoil na Mí, Cill Dhéagláin, Co. na Mí. 087-3552878
- Gaelscoil Mhic Aodha, Baile Chill Dara, Co. Chill Dara. 045-535588
- Gaelscoil na Laochra, Biorra, Co. Uíbh Fháilí. 087-4394549
- Coláiste Dhún Másc, Sráid an Iarnróid, Port Laoise, Co. Laoise.
Scoileanna Ilchreidmheacha i gCúige Mumhan
Scoileanna Ilchreidmheacha i gCúige Chonnachta
Scoileanna Ilchreidmheacha i gCúige Uladh
Back to Top