Faoi láthair, tá cúig mheánscoil faoi phátrúnacht an Fhorais. Táimid ainmnithe mar chomhphátrún ar choláiste nua (Maigh Nuad) agus is iontaobhaí muid ar mheánscoil nua i gContae Laoise freisin. Is idir scoileanna ilchreidmheacha, idirchreidmheacha & caitliceacha iad.