Faoi láthair, tá dhá scoil i gContae Mhaigh Eo faoi phátrúnacht an Fhorais.
Is bunscoil chomhoideachais í Gaelscoil na Cruaiche a bhfuil sainspiorad Caitliceach aici. Bunaíodh an scoil sa bhliain 1995. Tá an scoil lonnaithe i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.
Is bunscoil comhoideachasúil í Scoil na gCeithre Maol a bhfuil sainspiorad Caitliceach aici. Bunaíodh an Ghaelscoil sa bhliain 1998 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin. Tá an scoil lonnaithe i mBéal an Atha, Co. Mhaigh Eo.