Scoileanna Nua

Bernard ag oscailt na scoile cropped

(To view this page in English, click on 'GA' at the top of the page)

 

Níl aon fheachtais do scoileanna nua á rith faoi láthair. Táimid ag comhoibriú lenár bpáirtnéirí maidir le dífheistiú scoileanna.

 

Tá ár mbileog nua ar ilchreidmheachas le léamh anseo

Brúigh ar na cnaipí corcra le heolas a fháil

Cé hiad An Foras Pátrúnachta?

Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn. Tá 15,000 dalta ag freastal ar ár 65 bunscoil & 5 iarbhunscoil agus an líon daltaí ag baint tairbhe as ár modh oideachais ag dul i méid i gcónaí. Tá sonraí maidir lenár scoileanna reatha ar fáil anseo.

Is é an gaeloideachas an modh oideachais is mó fáis sa tír le blianta beaga anuas & bhí An Foras Pátrúnachta suite i gcroílár na hoibre sin. 

An raibh a fhios agat?

Tá gaelscoileanna Ilchreidmheacha, Idirchreidmheacha & Caitliceacha faoin bhForas

Conas a dhéanaim spéis a léiriú i nGaelscoil nua?

Níl aon fheachtais bheo faoi láthair. 

An raibh a fhios agat?

Bíonn an curaclam céanna agus an maoiniú céanna ón stát sna scoileanna lán-Ghaeilge

Cad é oideachas trí mheán na Gaeilge?

Tumoideachais i scoil lán-Ghaeilge déantar gnó na scoile ar fad trí mheán na Gaeilge. Múintear na ranganna trí Ghaeilge, bíonn cumarsáid idir an fhoireann as Gaeilge, déantar gnó an Bhoird Bainistíochta trí Ghaeilge agus spreagtar na páistí chun Gaeilge a labhairt eatarthu féin. Neartaíonn an scoil an pobal labhartha Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh de gheataí na scoile. Tá na scoileanna lán-Ghaeilge oscailte, fáiltiúil agus chuige sin tacaíonn siad le tuismitheoirí páirt a ghlacadh i saol na scoile trí imeachtaí éagsúla, ó ranganna Gaeilge go Coiste na dTuismitheoirí agus a lán eile.

Córas an Tumoideachais

Tá taighde cuimsitheach déanta (MET, 1998) a chruthaíonn gurb é an modh is fearr teanga a shealbhú ná tríd an tumoideachas.

Is é an córas tumoideachais amháin atá á chur i bhfeidhm i scoileanna an Fhorais.

Ciallaíonn tumoideachas go ndéantar gach ábhar, gnó agus idirbheartaíocht sa scoil trí Ghaeilge. Ar an mbealach seo súitear isteach gach gné den teanga, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar chumas an dalta í a thuiscint agus í a labhairt i bhfad níos tapúla. Ní mhúintear Béarla go dtí an dara téarma sna Naíonáin Shinsir i scoileanna an Fhorais. Cruthaíonn taighde go ndéanann daltaí sa chóras seo níos fearr i scríobh agus i léamh an Bhéarla agus i léamh na Gaeilge ná an meán náisiúnta (Ó hAiniféin, (2007), Cloud, Genesee & Hamayan (2000) ).

Cén fáth a roghnaítear oideachas lán-Ghaeilge?

Roghnaíonn tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ar chúiseanna éagsúla, na cúiseanna seo san áireamh:

  • Tá sé fíor-thábhachtach dóibh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag a bpáistí.
  • Aithníonn siad go bhfaigheann an páiste léargas ar leith ar a c(h)ultúr féin agus ar chultúir eile.
  • Cothaítear bród na bpáistí ina dteanga, ina gcultúr agus iontu féin.
  • Ábaltacht na bpáistí labhairt, léamh agus scríobh i ndá theanga agus na buntáistí a théann leis sin.
  • An t-oideachas den scoth a chuireann na scoileanna ar fáil do pháistí.
  • Forbairt i bhféinmhuinín agus i bhféiniúlacht na bpáistí.

An raibh a fhios agat?

Is iad daltaí gaelscoile na daltaí is sásúla sa tír  🙂  (ESRI 2012)

Buntáistí agus taighde

De réir an taighde ar oideachas dátheangach seo cuid de na torthaí do dhaltaí a théann tríd an córas:

  • Cruthú níos fearr go hacadúil (Gallagher & Hanna, 2002).
  • Níos éasca an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim (Cenoz & Valencia 1994).
  • Tuiscint agus oscailteacht do chultúir eile (Gallagher & Hanna, 2002).
  • Feabhas ar fheidhmiú chognaíochta sa gcruthaíocht agus sa gcumarsáid (Bialystok et al. 2005).
  • Scóir níor airde i mBéarla agus sa Mhata (Ionad Taighde Oideachais, 2011)
  • Feasacht ardaithe i leith féiniúlacht, cultúr agus tuiscint ar phobal (Baker, 2003)
  • Ardú i bhféinmhuinín (Baker, 2003)
  • Ardaíonn oideachas dá theangach feidhmiú acadúil, buanna cruthaitheacha agus féin mhuinín i ndaltaí (NMABE, 2006; Cummins, 2000)
  • Scileanna cumarsáide agus sóisialta feabhsaithe (Cummins, 2000)

Tá tuilleadh eolais maidir leis na buntáistí le bunús idirnáisiúnta le léamh ar http://www.foras.ie/irish-medium-education/bi-lingualism/international/

An raibh a fhios agat?

Ní amháin nach mbeidh drochthionchar ag an gcóras tumoideachais ar fhorbairt Béarla an pháiste ach tá daltaí sna bunscoileanna lán-Ghaeilge i bhfad thar an meán náisiúnta i léitheoireacht an Bhéarla. An scéal céanna sa mhata freisin (Foras Taighde ar Oideachas 2011)

Cad a deir daoine

Tuismitheoirí

"Is breá le mo pháiste an Ghaelscoil. Tá sí sona sásta sa scoil agus tá sé iontach í a chloisteáil ag labhairt Gaeilge lena cairde. Sna scoileanna lán-Ghaeilge bhí na baill foirne agus na daltaí ann toisc go gcinneann siad a bheith ann. Tá an paisean atá acu breá feiceálach & is chun leas m'iníon é. Ní fhéadfadh an príomhoide níos mó a dhéanamh, tá sí thar barr! "

– Anna, Baile Átha Cliath

"Mar thuismitheoir, theastaigh uaim go mbeadh Gaeilge ag mo pháistí agus bhí aiféala orm i gcónaí nach raibh sí agam. Thaitin sé go mór liom a n-obair bhaile a dhéanamh leo. Ag breathnú siar air, ba é an cinneadh ab fhearr a rinne mé riamh do mo pháistí agus dá dtodhchaí."

– Tomás, Corcaigh

Iardhaltaí

"Fuair mé mo chuid Oideachais ag an mbun agus dara leibhéal trí mheán na Gaeilge, Anois tá mé ag staidéar in Ollscoil. Bhí buntáistí ollmhóra ann domsa agus is féidir liom dhá theanga a labhairt go líofa."

– Sorcha, Mac Léinn Tríú Leibhéal, OÉ Má Nuad

“D’fhreastail mé ar an naíonra, go dtí go raibh mé 5 bliana d’aois. Bhog mé ar aghaidh ansin go dtí an bhunscoil. “Mhothaigh mé go raibh mé i mo ‘smarty pants’ ceart toisc go raibh níos mó Gaeilge agam ná a bhí ag na daoine fásta i mo shaol! Freastalaíonn páiste le mo chol ceathrar ar Ghaelscoil anois agus nuair a labhraím as Gaeilge léi lasann a haghaidh suas go hiomlán!

“Agus mé ag ullmhú don mheánscoil, thug mó mham an rogha dom freastail ar mheánscoil Bhéarla, dhiúltaigh mé. Bhí mé ag iarraidh leanúint ar aghaidh i nGaeilge. Bhí spiorad iontach i mo scoil, bhí ceol ann í gcónaí is céilithe ó am go chéile agus mhothaigh me go raibh mé in áit fíorspeisialta. Téim chuig an nGaeltacht fós sa samhradh le mo chairde, chun craic a bheith againn is Gaeilge a labhairt.”

– Sinéad, Mac Léinn Tríú Leibhéal, Scoil Gnó B.Á.C .

Níl aon Ghaeilge agam, conas a chabhróidh mé leis an obair bhaile?

Níl aon fhadhb ann. Tá 96% de thuistí inár scoileanna ar bheagán Gaeilge nó Gaeilge ar bith. Tuigeann na múinteoirí sin. Beidh an dá theanga ag do pháiste & é/í breá in ann focail a aistriú. Tá go leor áiseanna ann a chabhróidh leat Gaeilge a fhoghlaim más maith leat ach an t-aon rud atá ag teastáil ná meon tacúil.

Riachtanais Speisialta

Soláthar ón Roinn Oideachais

Go ginearálta, déantar foráil oideachais do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu:

  • I mbunscoileanna;
  • I ranganna speisialta ceangailte le gnáthscoileanna;
  • I suímh chomhtháite i ranganna príomhshrutha.

Tá nádúr agus leibhéal na freagartha oideachais bunaithe ar mhíchumas an linbh a ndearnadh measúnú gairmiúil air.I gcás ina meastar gurb é socrú i suíomh comhtháite an fhreagairt iomchuí, beidh soláthar i bhfoirm teagasc acmhainní nó i bhfoirm tacaíochta ó chúntóir riachtanas speisialta, nó an dá cheann acu.

D’fhéadfadh go mbeadh socrú i scoil speisialta nó i rang speisialta ceangailte le bunscoil phríomhshrutha de dhíth ar leanaí a bhfuil dianleibhéil mhíchumais acu. Tá gach saoráid den chineál sin sainithe do ghrúpa míchumais ar leith agus feidhmíonn gach ceann acu cóimheas dalta le múinteoir atá laghdaithe go speisialta.

Faigheann daltaí a fhreastalaíonn ar na saoráidí seo rátaí speisialta de mhaoiniú caipitíochta agus tá siad i dteideal leas a bhaint as an tseirbhís iompair scoile speisialta agus as an tseirbhís iompair bhusanna scoile.

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta chun feabhas a chur ar sholáthar sheirbhísí oideachas do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de bharr míchumas. Cuirtear béim faoi leith ar pháistí. Bíonn an Chomhairle ag déileáil le breis agus 20,000 iarratas sa bhliain agus cuireann sí cinntí in iúl do scoileanna laistigh de thréimhse a mhaireann idir sé go seacht seachtaine.

Eagraí riachtanais speisialta oideachais (ERSO)

Ceapann an NCSE ERSOanna chun seirbhís dhíreach a chur ar fáil go háitiúil do thuismitheoirí na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus do scoileanna atá lonnaithe laistigh de limistéir gheografacha. Aimsítear riachtanais na bpáistí agus déantar cinneadh faoi líon na n-acmhainní a theastaíonn ó scoileanna chun seirbhís oideachais cuí a chur ar fáil dóibh.

Bíonn an ERSO ag plé le hiarratais do mhúinteoireacht bhreise agus do thacaíocht ó SNAs. Cabhraíonn an ERSO le hiarratas ar iompar agus st Theicneolaíocht Chúnta. Is féidir le SENO comhairle a thabhairt do scoileanna agus do thuismitheoirí ar na háiseanna, ar na seirbhísí agus ar na hacmhainní atá ar fáil chun cabhair a thabhairt do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Leabhráin eolais atá foilsithe ag an NCSE

pdf

Eolas do thuismitheoir a bhfuil páiste bodhar acu

Brúigh an iomhá ar chlé chun an leabhrán a oscailt

pdf

Eolas do thuismitheoirí a bhfuil Riachtanais Speisialta acu

Brúigh an iomhá ar chlé chun an leabhrán a fheiceáil

foras-about

Back to Top