Comhghairdeas le Gaelscoil Riabhach a bhfuil duais buaite acu i gComórtas Raidió Náisiúnta BAI/Sheachtain na Gaeilge! Bronnadh €150 ar Ghaelscoil Riabhach don chlár raidió is fearr ina gcatagóir.
Ba é aidhm an chomórtais spreagadh a thabhairt do chraoltóirí óga agus an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil chraolacháin.
Rinne Údarás Craolacháin na hÉireann urraíocht ar an gcomórtas, mar aon le maoiniú a chur ar fáil chun ceardlanna raidió a reáchtáil i scoileanna timpeall na tíre.
Ghlac 5,800 duine óg páirt sna comórtais sna réimsí ealaíne, filíochta, blagála agus raidió agus tá scoth na n-iontrálacha aitheanta ar shuíomh gréasáin na féile, www.snag.ie.
Dúirt Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann: “Tá Údarás Craolacháin na hÉireann an-sásta comhoibriú le Seachtain na Gaeilge arís leis an gcomórtas seo a thabhairt do scoileanna timpeall na tíre.
“Spreagann an tionscadal úsáid na Gaeilge i measc na chéad ghlúine eile de chraoltóirí i slí phraiticiúil agus táimid an-sásta gur féidir linn tacú leis an gcomórtas seo trí Scéim Urraíochta an Údaráis. Molaimid na hiontrálacha buacacha agus déanaimid comhghairdeas leis na daltaí agus múinteoirí a chuir a lán oibre isteach sa tionscadal.”
Is féidir éisteacht leis an gclár raidió a rinne Gaelscoil Riabhach ar an leathanach seo: