Iarbhunscoil nua a bheidh ag oscailt don chéad uair i Meán Fómhair 2014 le freastal ar mhór-cheantar Bhaile Brigín, Co Átha Cliath.
Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3 Feabhra 2014.
Iarbhunscoil, dheonach, ilchreidmheach, Lán-Ghaeilge do chailíní agus buachaillí is ea Coláiste Ghlór na Mara, atá faoi Iontaobhas Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna lánGhaeilge agus a bheidh ag oscailt don chéad uair mí Mheán Fómhair 2014.
Is féidir foirm iarratais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig an gCathaoirleach ag pocolaisteghlornamara@gmail.com
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe (ar pháipéar amháin) a sheoladh ar ais chuig
Tim Ó Tuachaigh, Dollards Cottage, Drogheda Rd, Bremore, Baile Brigín, Co. Átha Cliath roimh 5.00 in ar an 29 Samhain 2013.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Coláiste Ghlór na Mara.
Tuilleadh eolais faoin scoil ar fáil ar anseo