Eolas ar Sheirbhísí an Phátrúin
Comhairle, treoir agus eolas ginearálta do scoileanna ar:
• Ciorcláin agus treoir ón Roinn Oideachais agus Scileanna
• Reachtaíocht
• Sláinte agus Sábháilteacht
• Árachas
• Foirgnimh
• Fiosrúcháin ó na meáin
Fostaíocht Foirne
Comhairle agus treoir mar a leanas:
• Foireann na scoile
• Nósanna Imeachta Ceapacháin
• Cearta painéal
• Iniúchadh
• Nós imeachta araíonachta
• Gnás casaoide
An Bord Bainistíochta Nua 
Tugann an Foras Pátrúnachta comhairle, treoir agus traenáil do na Boird bainistíochta chomh maith le traenáil náisiúnta ar na 5 modúl atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an t-ábhair ón traenáil seo ar fáil thíos:
• An Bord Bainistíochta mar Aonad Corpraithe: Pointe Cumhachta M1 & Bileoga M1 &
• Airgeadais Boird agus ról an Chisteora: Pointe Cumhachta M2 & Bileoga M2
• Nósanna Imeachta Ceapacháin: Pointe Cumhachta M3 & Bileoga M3
• Ceisteanna Dlí: Pointe Cumhachta M4 & Bileoga M4
• Caomhnú Páistí: Pointe Cumhachta M5 & Bileoga M5
• Eolas Eile: Comhdhéanamh na mBord & na Rialacha Imeachta & Lámhleabhair Eolais, An Roinn Oideachais & Eolaíochta 2007
Eolas do na Boird
An Bord Bainistíochta
Tá an pátrún freagrach as ceapachán an bhoird. Is é príomh fheidhm an bhoird bainistíochta ná an scoil a bhainistiú ar son an phatrún agus chun leasa na daltaí agus tuismitheoirí, agus oideachais chuí a chur ar fáil do dhaltaí na scoile.
Príomh fheidhmeanna an bhoird:
• An scoil a bhainistiú agus oideachas chuí a chur ar fáil do gach dalta
• Feidhmiú de réir na reachtaíochta agus polasaithe
• Éitéas/ Spiorad sainiúil an scoil a chosaint
• Eolas agus comhairle a lorg ón bpatrún agus iontaobhaithe
• A bheith freagrach don scoil agus airgead a úsáid go héifeachtach



