Na Scoileanna
Tá an Foras Pátrúnachta mar phatrún ar bhunscoileanna agus meánscoileanna. Tá méid na scoileanna faoin bhforas ag ardú i gcónaí. Tá 58 bunscoil agus 3 mheánscoil faoinár bpatrúnacht faoi láthair.
Tá an Foras ina Phátrún ar ghaelscoileanna a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu agus dá bharr a fhreastalaíonn ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas Lánghaeilge dá bpáistí is cuma cén cúlra creidimh atá acu.
Éiteas Gaeilge
I scoil lán Ghaeilge tá an Ghaeilge:
• Mar theanga 1 sa scoil
• Mar theanga chumarsáide agus gnó na scoile
• Mar theanga mhúinte agus foghlama i ngach ábhar seachas Béarla
• Mar theanga chumarsáide ag na múinteoirí, na daltaí agus gach gné den scoil
Córas Tumoideachas
Úsáideann ár scoileanna an Córas Tumoideachas. Ciallaíonn sé seo go bhfuil daltaí tumtha sa Ghaeilge óna gcéad lá ar scoil. Ní labhróidh an múinteoir ach Gaeilge leo ón tús.
Is cuid de Chód Iompar na Scoile é labhairt an Gaeilge. Moladh agus mealladh na modhanna is fábhartha chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil trí úsáíd stráitéisí ar nós moladh, duaiseanna, comórtais srl.
Beidh cumarsáid leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, An Roinn Sláinte, An Comhairle Contae agus na rannóga Stát eile as Gaeilge. Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta trí Ghaeilge.
Féach ‘Polasaí agus Cleachtas na Gaeilge sa Ghaelscoil' (An Foras Pátrúnachta) chun níos mó eolas a fháil.
Gaelscoil le sainmheoin Caitliceach
Gaelscoil le sainmheoin Idirchreidmheach
Gaelscoil le sainmheoin Illchreidmheach
Liosta Scoileanna & Sonraí Teagmhála
Liosta scoileanna & sonraí teagmhála
- Liosta Scoileanna i gCúige Chonnachta anseo
- Liosta Scoileanna i mBaile Átha Cliath anseo
- Liosta Scoilenna i gCúige Laigheann anseo
- Liosta Scoileann i gCúige Mumhan anseo
- Lisota Scoileanna i gCúige Uladh anseo
An Bord Bainistíochta
Tá eolas mar gheall ar an mBord Bainistíochta ar fáil faoi "Seirbhísí" here
Cumann na dTuismitheoirí
De ghnáth bíonn cumann na dtuismitheoirí ag gach scoil áit gur féidir le tuismitheoirí páirt a ghlacadh sa scoil. Bíonn réimse leathan d’ócáidí sóisialta á reachtáil ag an gcumann seo do thuismitheoirí agus do dhaltaí na scoile.



