Céard é an Foras Pátrúnachta?
Is eagraíocht é an Foras a socraíodh suas chun rogha eile a thabhairt do thuismitheoirí agus iad ag iarraidh Gaelscoil a bhunú. Tá freagrachtaí pátrúnachta agus bainistíochta ar an bhForas ó bunaíodh é i1993.
Tá fás ag teacht ar líon na scoileanna faoin bhForas Pátrúnachta i gcónaí. Tá 58 gaelscoil agus 3 Ghaelcholáiste faoinar bpátrúnacht faoi láthair.
Tá an Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta. Tá stádas carthannachta (CHY Uimh. 12240) ag an bhForas ó incorpraíodh é. Is comhlacht príobháideach í an Foras Pátrúnachta gan scairchaipiteal. Tá córas daonlathach i bhfeidhm agus tá bunreacht ag an bhForas Pátrúnachta.
Tá Foras Pátrúnachta ina Phátrún ar ghaelscoileanna a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu agus dá bharr sin freastalaíonn sé ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas Lánghaeilge dá bpáistí is cuma cén cúlra creidimh atá acu.
Céard atá i gceist le Gaelscoil?
Is scoil í an ghaelscoil a fheidhmíonn faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais. Is í an Ghaeilge an teanga teagaisc sa scoil, agus an teanga cumarsáide idir na múinteoirí, na páistí agus an bhainistíocht.
An bhfuil Gaelscoil i mo cheantar?
Tá liosta na scoileanna ag an mbun agus iar-bhunleibhéal ar fáil ar an suíomh. Mura bhfuil Gaelscoil sa cheantar ina bhfuil tú, seans go bhfuil coiste bunaithe ag obair i dtreo scoil a bhunú. Tá liosta na gcoistí bunaithe ar fáil ón oifig.



