Faoin bhForas Pátrúnachta

Is pátrúnacht náisiúnta é an Foras do scoileanna LánGhaeilge bunscoile agus iar-bhunscoile le freagrachtaí pátrúnachta agus bainistíochta, a bunaíodh i 1993. Bunaíodh é ionas go mbeidh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht.

Tá fás ag teacht ar líon na scoileanna faoin bhForas Pátrúnachta i gcónaí. Tá 58 Gaelscoil agus 3 Gaelcholáiste faoinár bpátrúnacht faoi láthair.

Tá an Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta. Tá stádas carthanachta (CHY Uimh. 12240) ag an bhForas ó incorpraíodh é. Is comhlacht príobháideach é an Foras Pátrúnachta gan scairchaipiteal. Tá córas daonláthach i bhfeidhm agus tá bunreacht ag an bhForas Pátrúnachta.

Tá an Foras ina Phátrún ar Ghaelscoileanna a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu agus dá bharr  freastalaíonn sé ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas Lánghaeilge dá bpáistí is cuma cén cúlra creidimh atá acu.

Fís agus Ráiteas Misean

An Fhís
Oideachas Lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír.

Ráiteas Misean
Beidh an Foras Pátrúnachta lárnach i gcur chun cinn Oideachas Lán Ghaeilge. Déanfaidh an Foras Pátrúnachta freastal éifeachtach, gairmiúil cuimsitheach ar na scoileanna faoinár gcúram ó thaobh ról Pátrún agus Bainistíochta ag an gcéad agus an dara leibhéal.

Aidhmeanna agus Fís an Phatrúin
• Oideachas Lán-Ghaeilge a leathnú agus a fhorbairt
• Rogha a chur ar fáil do thuismitheoirí d’oideachas a bpáistí trí mheán na Gaeilge & cearta tuismitheoirí a aithint
• An tAcht Oideachas a chomhlíonadh
• Tacú le haidhm an Rialtais sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge
• Pobal Gaelach a chothú agus labhairt na Gaeilge mar mheán cumarsáide a leathnú

Spriocanna an Fhorais Pátrúnachta
• Oideachas Lán-Ghaeilge a fhorbairt trí mhéadú ar líon ár scoileanna
• Oideachas den scoth atá measctha agus daonlathach a chur ar fáil
• Freastal iomlán ar an dalta
• Forbairt agus múnlú daltaí
• Rogha do Thuismitheoirí
• Labhairt na Gaeilge a leathnú
• Forbairt na Gaeilge tríd an Oideachas: Teanga, Cultúr, Oidhreacht, Cluichí, Ceol, Litríocht, Imeachtaí Gaelacha

Creideann an Foras Pátrúnachta go láidir mar phatrún agus eagraíocht bainistíochta ina misean maidir leis an nGaeilge agus creideamh. Is é sin moltaí, tacaíocht agus treoir a thabhairt do bhoird bainistíochta, príomhoidí, múinteoirí agus tuismitheoirí mar is gá le tacaíocht a thabhairt don éiteas, forbairt agus fás na scoileanna atá faoinár gcúram.

Céard atá i gceist le Patrún agus Eagraíocht Bainistíochta?

Tá patrún agus eagraíocht bainistíochta ag gach scoilTá sainmhíniú ról agus dualgais patrúin in Éirinn leagtha síos i ndoiciméid agus achtanna dlíthiúil mar a leanas: Bunreacht na hÉireann, An tAcht Oideachais 1988, An tAcht Oideachais (Leas) 1988, Rialacha do scoileanna náisiúnta (1995), Comhdhéanamh na mBord agus na Rialacha Imeachta 2007.

Príomh freagrachta an phatrúin:
• Éiteas na scoile a chosaint
• Ceapacháin agus tacaíocht a thabhairt don bhord bainistíochta
• Cúrsaí airgeadais agus dlí
• Cothabháil sócmhainne
• Feitheoireacht a dhéanamh ar cheapacháin fhoirne de réir rialacha na Roinne

Feidhmeanna an Phátrúin:
• Is cosantóir é an Pátrún ar spiorad sainiúil scoileanna faoina chúram
• Tugann an Pátrún barántas go bhfeidhmíonn an scoil de réir a fhreagrachtaí dlíthiúla agus de réir rialachán, orduithe agus polasaithe atá leagtha síos ag an Aire Oideachais agus Scileanna
• Ceapann an Pátrún na Boird Bainistíochta agus díscaoileann sé iad mar is gá.
• Ceapann an Pátrún na Boird Roghnaíochta chun Príomhoidí agus oidí a cheapadh re réir na nósanna imeachta comhaontaithe
• Feidhmíonn an Pátrún go díreach nó mar idirghabhálaí i gcás aighneas nó coimhlintí sa scoil. Is féidir le hachomharcóir, achomharc a dhéanamh don Phátrún in aghaidh breitheanna an Bhoird Bainistíochta
• Cinntíonn an Pátrún go bhfuil airgeadas scoileanna, clúdach árachais, rialacháin agus coinníollacha sláinte agus sábháltachta in ord agus á gcomhlíonadh
• Baineann freagracht an Phátrúin le ceisteanna cóiríochta, suímh sealúchais agus léasanna scoileanna agus is páirtí conartha é i leith na gceisteanna sin i gcás scoileanna faoina phátrúnacht
• Tá an fhreagracht deiridh ar an bPátrún i leith na scoile mar atá leagtha síos san Acht Oideachais 1998 agus dáileann sé cuid de na freagrachtaí sin ar an mBord Bainistíochta a bheidh cuntasach dó
• Is ceann de pháirtnéirí an oideachais an Pátrún agus lorgóidh na páirtnéirí eile a chomhairle faoi cheisteanna oideachasúla mar atá leagtha síos san Acht Oideachais 1998. 

Struchtúr, Foireann agus Baill den Bhord Stiúrtha

Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí
D’oibrigh Caoimhín Ó hEaghra mar mhúinteoir bunscoile, mar Chomhordaitheoir ar Scéim faoi Mhí Bhuntáiste de chuid na Roinne Oideachais agus mar éascaitheoir don Scéim um Fhorbairt Scoileanna. Tar éis cáiliú mar shiceolaí d’oibrigh sé le Cumann Dlí na hÉireann, Córas Iompar Éireann, FÁS agus TG4 chomh maith lena lán comhlachtaí príobháideacha eile. Is as an gCeathrú Rua i gcontae na Gaillimhe é ó dhúchas ach tá cónaí ar faoi láthair sa Mhuileann Cearr.

Siobhán Seoighe, Feidhmeannach
Is cainteoir dúchais í Siobhán Seoighe, as Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí. Tá bun chéim aici sa Nua-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá Máistreacht aici sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá réimsí leathan de thaithí aici, d’oibrigh sí leis an gcomhlacht árachais Hibernian Aviva, mar Bhainisteoir Forbartha Gnó le Gaelchultúr agus le déanaí mar Bhainisteoir Imeachta ar Rith 2010.

Stiúrthóirí an Fhorais

  • Séamas Ó Ceanainn (Cathaoirleach)
  • Damhnait Uí Ruairc (Leaschathaoirleach)
  • Lorcán Mac Gabhann (Cisteoir)
  • Feargal Ó Cuilinn (leaschisteoir)
  • Anita Nic Amhlaoidh
  • Breandán Mac Cormaic
  • Colm Ó Tuathaláin
  • Dónall Ó Conaill
  • Peadar Ó Báille
  • Pól Mag Lionáin
  • Sorcha Ní Mhistéil
  • Tomás Ó Póil
  • Sonraí Teagmhála Anseo