Tá roinnt eolais ó O2 maidir leis na tairiscintí a chuireann siad ar fáil do scoileanna agus d’oibrithe in earnáil an oideachais le feiceáil thíos.
Dar le O2, d’fhéadfadh scoileanna agus oibrithe in earnáil an oideachais airgead a shábháil tríd aistriú chuig pacáiste de chuid O2.
Má tá suim agat in aon cheann de na pacáistí nó má theastaíonn tuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh le George Hopkins ó O2 ar 01 6876048 nó info@o2govstaff.com.
Tuilleadh eolais ar fáil ar https://www.o2govstaff.com/o2ess
Íocann an scoil as na fóin, cuirtear na billí trí dhochar díreach amháin. Bíonn fón saor in aisce ar fáil le gach pacáiste, Nokia Lumia 520b mar shampla.
€22.14 sa mhí (cáin bhreisluacha san áireamh)
€15.99 sa mhí (cáin bhreisluacha san áireamh)
Nóta: Níl liúntas sonraí san áireamh sa phacáiste seo
€28.91 sa mhí (cáin bhreisluacha san áireamh)
€16.61 sa mhí (cáin bhreisluacha san áireamh)
Nóta: Níl liúntas sonraí san áireamh sa phacáiste seo.
Gearrtar €23.50 gan cháin bhreisluacha ar gach líne. Bíonn gach glaoch ar líne talún, gach glaoch ar líonraí móibíleacha i bPoblacht na hÉireann agus gach glaoch ar uimhreacha 048 i dTuaisceart Éireann san áireamh sa phraghas seo. Gearrtar táille aonuaire, €60 an líne, chun na línte ar fad a bhogadh chuig an ‘GSM Gateway’ nua. Níl glaonna ar uimhreacha préimhe nó ar sheirbhís eolaí teileafóin san áireamh sa phraghas seo.
Beidh dhá chéim i gceist chun an pacáiste seo a chur i bhfeidhm sa scoil:
Céim 1:
Sa chéad mhí, ní bheidh aon chostas ar an gcíos líne. Íocfaidh an scoil as na glaonna amháin. Faoi láthair, tá na praghsanna a ghearrann O2 ar ghlaonna 25 faoin gcéad níos saoire ná praghsanna Eircom. Sa dara mí, beidh ar an scoil O2 a íoc as na glaonna agus as an gcíos líne.
Céim 2:
Sa dara mí, tabharfaidh innealtóir de chuid O2 cuairt ar an scoil chun athbhreithniú a dhéanamh ar líon na línte atá ag an scoil agus an úsáid a bhaintear astu. Déanfaidh an t-innealtóir measúnú ar na línte ar fhaitíos go mbaintear úsáid as aon cheann d’aláraim. Seiceálfar go bhfuil gá do gach líne atá ann. Ag deireadh na míosa sin,cuirfear ‘GSM Gateway’ isteach sa scoil do na glaonna fóin in ionad na línte éagsúla. Tá seans ann go bhfágfar cuid de na línte mar atá d’aláraim nó don leathanbhanda.
Séard atá i gceist le ‘Priority Moments’ ná go mbíonn tús áite ag custaiméirí O2.
Cláraigh linn inniu agus gheobhaidh tú lascaine arbhéilí, ar thicéid don phictiúrlann agus eile!
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar https://www.o2govstaff.com/o2ess
Déan teagmháil leis an bhfoireann díolacháin ar 01 6876048
nó info@o2govstaff.com