Oscailt Oifigiúil ag Gaelscoil Dhroichead na Banndan

An Foras Pátrúnachta / Nuacht ó Scoileanna / Oscailt Oifigiúil ag Gaelscoil Dhroichead na Banndan

Bhailigh slua mór le chéile ag Gaelscoil Dhroichead na Banndan, Corcaigh le déanaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar oscailt oifigiúil an fhoirgnimh nua. Bhí na Teachtaí Dála Seamus Ó Dálaigh agus Micheál Mac Carthaigh i measc siúd a bhí i láthair.

Is é seo an chéad uair ó bhunaíodh an scoil i 1995, a bhfuil foirgneamh buan aici ar a suíomh féin.

Thaispeáin príomhoide na scoile, Séan Ó Láimhín, na seomraí ranga, an seomra tacaíochta foghlama, na seomraí acmhainne agus seomra na ríomhairí do na haíonna.

Chuir daltaí na scoile siamsaíocht den scoth ar fáil ar an lá –ghlac naíonáin shinsearacha páirt ina leagan féin den dhráma ‘Goldilocks’, chuir na daltaí ó ranganna eile rince Gaelach, amhráin agus dáin ar fáil.

Ghearr Méara Dhroichead na Banndan, Gillian Ní Cochláin, an ribín agus bheannaigh an tAthair Myles Mac Suibhne agus an tUrramach Denis McCarthy an scoil.

Tharraing Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta, an cuirtín siar chun plaic na scoile a thaispeáint don slua.

Dar le Ó hEaghra, is sampla maith í Gaelscoil Dhroichead na Banndan ar an éileamh mór ar ghaelscoileanna ar fud na tíre agus na buanna a bhaineann leis an ngaelscolaíocht.