Obair ar bhfoirgneamh nua do Ghaelscoil Éadan Doire tosaithe

An Foras Pátrúnachta / Nuacht ó Scoileanna / Obair ar bhfoirgneamh nua do Ghaelscoil Éadan Doire tosaithe

Cuireadh tús leis an obair thógála ar an gcóiríocht nua do Ghaelscoil Éadan Doire le déanaí.

Tá pobal na scoile ag súil go mór le bogadh isteach san fhoirgneamh nua:

“Tá áthas an domhain orainn go bhfuil an obair tosaithe agus go mbeidh an scoil nua réidh dúinn don chéad lá i mí Meán Fómhair 2014,”arsa urlabhraí na scoile.

Thosaigh Gaelscoil Éadan Doire amach i mí Mheán Fómhair 2008 le 21 dalta.

Tá pobal na scoile ag obair go dian le breis agus cúig bliana anuas agus anois, tá 109 páiste ag freastal ar an scoil.

Beidh oíche eolais ar siúl i nGaelscoil Éadan Doire ar an Déardaoin 16 Eanáir ag 8pm.

Beidh an deis ag tuismitheoirí labhairt leis na múinteoirí agus súil a chaitheamh ar an na pleananna atá ann don fhoirgneamh nua.

Tuilleadh eolais: www.gseadandoire.ie