Nuashonruithe do scoileanna ar an víreas

An Foras Pátrúnachta / Fógraí Tábhachtacha / Nuashonruithe do scoileanna ar an víreas

Iarrtar ar bhaill foirne agus ar bhaill bhoird inár scoileanna aird a thabhairt ar na nuashonruithe seo a leanas:

  1.  Tá treoracha agus nuashonruithe na Roinne foilsithe ar an leathanach cuí de chuid na Roinne ag: https://www.education.ie/ga/An-Roinn/Fograí/comhairle-o-fss-maidir-le-coronavirus.html
  2.  Tá cáipéisí roinnte ar rphost lenár bPríomhoidí maidir leis an bPolasaí Iontrála nua. Is féidir fiosruithe agus dréachtpholasaithe a sheoladh go: polasaithe@foras.ie 
  3.  Tá moltaí maidir le cruinnithe ar líne agus úsáid na teicneolaíochta fad a bheidh scoileanna dúnta seolta ar rphost chuig ár scoileanna.
  4.  Tá nósanna imeachta éagsúla i bhfeidhm maidir le Achomharc 29. Cuireann an ROS na nósanna imeachta sin ar fáil do scoileanna má thagann achomharc isteach.
  5.  Tá eolas á roinnt le scoileanna DEIS maidir le béilte scoile.

 

Tá fáilte roimh chumarsáid leis an bhfoireann ar an ngnáthbhealach.