Chuig: Údaráis Bhainistíochta Bunscoileanna Aitheanta, Scoileanna Speisialta, agus Príomhoifigigh Feidhmiúcháin na mBord Oideachais agus Oiliúna.
Tá an nóta seo mar bhreis ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm agus a fógraíodh ar an 1 Samhain chun cuidiú le hinfhaighteacht bunmhúinteoirí ionaid a mhéadú.
Is mar thoradh ar theagmháil leanúnach idir an Roinn Oideachais agus na páirtithe leasmhara san oideachais maidir le ceisteanna a ardaíodh faoin deacracht a bhaineann le teacht ar mhúinteoirí ionaid do neamhláithreacht múinteoirí ag an am seo.
Cuireadh na socruithe breise sealadacha seo i bhfheidhm i gcomhthéacs COVID-19 chun cuidiú le hinfhaighteacht múinteoirí ionaid go dtí an briseadh lár téarma i mí Feabhra, nuair a dhéanfar athbhreithniú orthu