Beidh an fhéile sráide Lá Mór na Gaeilge ar siúl Dé Domhnaigh seo, 01/05, ar Chearnóg Pharnell Thuaidh ó 12:00-16:00. Imeacht iontach spleodrach leis an siamsaíocht ar fad saor in aisce agus foirfe do theaghlaigh ar deireadh seachtaine fada (gach rud ó cheol, céilí, cluichí móra ar nós twister, ceardlanna, srl. go péinteáil aghaidhe, fear grinn, srl..).
Líofa nó cúpla focal – tá fáilte agus rud ann do chách ar an lá.